Glanrosc

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Roisnín radhairc)
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoGlanrosc
Euphrasia Cuir in eagar ar Wikidata

Euphrasia rostkoviana Cuir in eagar ar Wikidata
Planda
Cineál an toraidhcapsúl Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdLamiales
FineOrobanchaceae
GéineasEuphrasia Cuir in eagar ar Wikidata
L., 1753

Is géineas plandaí é glanrosc (Euphrasia) ina bhfuil thart ar 450 speiceas de phlandaí bláthanna luibheacha san fhine Orobanchaceae (a bhí san áireamh roimhe seo sna Scrophulariaceae), le dáileadh iltíreach.

Tugtar rinn roisc, líon radhairc, roisnín radhairc, agus soilse na súl air freisin. Tugtar glanrosc ar an speiceas Euphrasia officinalis freisin.[1]

Planda beag bliantúil is ilbhliantúil, dúchasach do na réigiúin mheasartha. Leathsheadánach, den chuid is mó ar fhéir. Na duilleoga urchomhaireach nó ailtéarnach, fiaclach nó maothánach. Na bláthanna bán de ghnáth le marcanna buí nó vialaite, déliopach leis an liopa uachtarach ingearach démhaothánach, an maothán íochtarach le trí fhomhaothán eangach leata.


Tacsanomaíocht agus sainaithint[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an géineas Euphrasia casta ó thaobh na tacsanomaíochta de, toisc go bhfuil go leor speiceas idirthorthúil agus tugtha don hibridiú. In ainneoin go ndearnadh roinnt athbhreithnithe tacsanomaíocha, tá an rangú iomchuí i go leor tacsón, chomh maith leis na caidrimh eatarthu, doiléir.

Speicis roghnaithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Euphrasia alpina
Euphrasia gibbsiae f0-sp. subglabrifolia
Euphrasia minima
Euphrasia cuneata

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]