Rody Gorman

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaRody Gorman

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1 Eanáir 1960
64 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmfile, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraFilíocht
TeangachaGaeilge na hAlban, an Ghaeilge agus Béarla

File is ea Rody Gorman. Rugadh é i mBaile Átha Cliath, Éire, sa bhliain 1960 ach san Eilean Sgitheanach atá sé ina chónaí anois agus i nGàidhlig is mó a scríobhann sé.[1]

Bhí sé ina chomhalta scríbhneoireachta de chuid Choláiste na hOllscoile Corcaigh, Sabhal Mòr Ostaig agus An Lanntair ar Oileán Leòdhas. Fuair sé sparántachtaí ó HI-Arts, ón gCiste Ríoga Liteartha, ó Chumann na Scríbhneoirí, ó Chomhairle Ealain na h-Alba agus ó Chomhairle Ealaíon na hÉireann. Bhí sé ina Shain-Chomhairleoir de chuid Chomhairle Ealain na h-Alba agus ina Thionólaí ar Choiste Cearta Aistritheoireachta agus Teangeolaíochta PEN na hAlban. Tá moltóireacht déanta aige i gcomórtais liteartha.[2][3]

Tá sé ina eagarthóir ar An Guth, díolaim bhliantúil filíochta i nGaeilge agus i nGàidhlig. Is aistritheoir bisiúil é agus rinneadh a shaothar féin a aistriú go teangacha eile.

Saothair[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Fax and Other Poems (Polygon, 1996)
  • Cùis-Ghaoil (diehard, 1999),
  • Air a' Charbad fo Thalamh/On the Underground (Polygon, 2000),
  • Naomhóga na Laoi (Coiscéim, 2003),
  • Tóithín ag Tláithínteacht (Lapwing, 2004),
  • An Duilleog agus an Crotal (Coiscéim, 2004),
  • Flora from Lusitania (Lapwing, 2005)
  • Zonda? Khamsin? Sharaav? Camanchaca? (Leabhraichean Beaga, Inverness, 2006)
  • Eadar Fiaradh is Balbh na h-Oidhche (diehard, Callander, 2007) i mBéarla, i nGaeilge agus i nGàidhlig.
  • Chernilo (rogha dánta i nGaeilge agus i nGàidhlig) (Coiscéim, 2006)

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Scottish Poetry Library-Rody Gorman: http://www.scottishpoetrylibrary.org.uk/poetry/poets/rody-gorman
  2. Rody Gorman-Biography http://www.rimbaud.org.uk/q-gorman2.html Curtha i gcartlann 2015-09-24 ar an Wayback Machine
  3. Réamhfhocal Flora from Lusitania, Lapwing Publications 2005.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]