Robin Flower ('Bláithín')

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Scoláire sa léann Ceilteach ab ea Robin Flower (nó 'Bláithín' mar ab fhearr aithne air sa Ghaeilge) (1881 - 1946). I Leeds Shasana a rugadh é; in Ollscoil Oxford a cuireadh oideachas air. Nuair a bhí sé fostaithe i Músaem na Breataine bhí baint aige le catalógú lámhscríbhinní Gaeilge. Chaith sé cuid mhaith dá shaol ag gabháil do chultúr na mBlascaodaí, ar chósta Chontae Chiarraí, agus is eisean a spreag roinnt de na hoileánaithe a chuid cuimhní cinn a bhreacadh síos ar phár. Thiontaigh sé An tOileánach le Tomás Ó Criomhthainn go Béarla, faoin teideal The Islandman (1929), mar aon le Seanchas ón Oileáin Tiar (saothar a scríobh sé féin) faoin teideal Lore of the Western Isle (1956). Chuir sé roinnt scéalta le Peig Sayers á bhfoilsiú ar an iris Béaloideas. Saothair eile a tháinig óna pheann is ea The Great Blasket {1924} agus The Western Island or the Great Blasket (1945).

Foinsí[athraigh | edit source]

  • 'Robin Flower', The Encyclopedia of Ireland, Gill & Macmillan Ltd (2003)
  • Bláithín : Flower, Mícheál de Mórdha (eag.), An Sagart (1998)

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]