Robin Flower

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaRobin Flower
Beathaisnéis
Breith1881
Meanwood, England Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1946
64/65 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síLeeds Grammar School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreFilíocht, Na Ceiltigh agus an Ghaeilge
Gairmfile, músaemeolaí, aistritheoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla agus an Ghaeilge
Gradam a fuarthas

Scoláire sa léann Ceilteach ab ea Robin Flower (nó Bláithín mar ab fhearr aithne air sa Ghaeilge) (16 Deireadh Fómhair 1881 - 16 Eanáir 1946).[1][2][3] Chaith sé cuid mhaith dá shaol ag gabháil do chultúr na mBlascaodaí, ar chósta Chontae Chiarraí, agus is eisean a spreag roinnt de na hoileánaithe a chuid cuimhní cinn a bhreacadh síos ar phár.

Robin Flower (ar chlé) agus Tomás Ó Criomhthain[4]

Beatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

In 1881 i Meanwood, Yorkshire, a rugadh Flower; in Ollscoil Oxford a cuireadh oideachas air.

Nuair a bhí sé fostaithe i Músaem na Breataine bhí baint aige le catalógú lámhscríbhinní Gaeilge. Thosaigh sé ag foghlaim Gaeilge nuair a bhí sé ag obair i roinn na lámhscríbhinní.[5][3]

D'fhoghlaim Flower an teanga labhartha ó Thomás Ó Criomhthain ar an mBlascaod Mór ina dhiaidh sin. Blianta ina dhiaidh sin arís, d'aistrigh sé dírbheathaisnéis Uí Chriomhthain go Béarla. Thiontaigh Flower An tOileánach le Tomás Ó Criomhthain go Béarla, faoin teideal The Islandman (1929)[6], mar aon le Seanchas ón Oileáin Tiar (saothar a scríobh sé féin) faoin teideal Lore of the Western Isle (1956).

An Trá Bán

Chuir Flower roinnt scéalta le Peig Sayers á bhfoilsiú ar an iris Béaloideas. Saothair eile a tháinig óna pheann is ea The Great Blasket {1924} agus The Western Island or the Great Blasket (1945).

Tá cáil ar Robin Flower faoina shaothair eile léinn chomh maith, an Réamhrá a scríobh sé do na Dánta Grádha (1926) a chuir Tomás Ó Rathile in eagar i 1926 agus a leabhar féin The Irish Tradition (1947) - a foilsíodh bliain tar éis a bháis - ina measc.[5]

Mí-shásta i Aberystwyth, d'éag Bláithín ar 16 Eanáir 1946, agus 65 bliain d'aois slánaithe aide. Scaipeadh a chuid luaithrigh ar na Blascaoidí.[7]

Oidhreacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 2022, bhí cuid de chartlan Robin Flower bronnta ar Choláiste na hOllscoile, Corcaigh. Cuimsíonn an chartlann nótaí taighde Robin Flower, aistriúcháin Bhéarla a rinne sé ar dhánta Meán-Ghaeilge agus cáipéisí éagsúla eile.[5]

Tomás Ó Criomhthain

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • 'Robin Flower', The Encyclopedia of Ireland, Gill & Macmillan Ltd (2003)
  • Bláithín : Flower, Mícheál de Mórdha (eag.), An Sagart (1998)

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. pgil-eirdata.org (2008-10-22). "Robin Flower". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2008-10-22. Dáta rochtana: 2022-10-28.
  2. Patricia Lysaght (2017-07-03). "From the British Museum to the Great Blasket: Robin Flower and the Western Island". Folklore 128 (3): 219–243. doi:10.1080/0015587X.2017.1336002. ISSN 0015-587X. 
  3. 3.0 3.1 "FLOWER, Robin (1881–1946)" (ga-IE). ainm.ie. Dáta rochtana: 2022-10-28.
  4. Patricia Lysaght (2017-07-03). "From the British Museum to the Great Blasket: Robin Flower and the Western Island". Folklore 128 (3): 219–243. doi:10.1080/0015587X.2017.1336002. ISSN 0015-587X. 
  5. 5.0 5.1 5.2 Nuacht RTÉ (2022-10-26). "Ábhar ó chartlann Robin Flower bronnta ar Ollscoil Chorcaí" (as ga). 
  6. Books4you.org (1929). "The islandman | Tomas O'Crohan, Robin Flower". b-ok.cc. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-10-28. Dáta rochtana: 2022-10-28.
  7. Seán Ó Lúing (1981). "Robin Flower (1881-1946)". Studies: An Irish Quarterly Review 70 (278/279): 121–134. ISSN 0039-3495.