Roberta Leigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Scríbhneoir, ealaíontóir, colúnaí agus léiritheoir teilifíse Briotanach is ea í Roberta Leigh. Rugadh i Londain, Sasana í. Tá breis is 150 úrscéal rómánsúil agus 27 leabhar do pháistí scríofa aici. Foilsíodh a chéad leabhar i 1951. Sna 1950í déanacha, scríobh sí na sraithscéalta puipéad teilifíse The Adventures of Twizzle agus Torchy the Battery Boy d'AP Productions, comhlacht Gerry Anderson agus Arthur Provis. Ina dhiaidh sin, bhunaigh sí agus Provis comhlacht teilifíse dá gcuid féin, Wonderama. Ar nós AP Productions, léirigh Wonderama sraithscéalta puipéad do pháistí, arb iad Sara and Hoppity agus Space Patrol na cinn is cáiliúla acu.

Phós Leigh Michael Lewin i 1948.

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]