Bob Dylan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Robert Zimmerman)
Infotaula de personaBob Dylan

(1963) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Robert Allen Zimmerman
24 Bealtaine 1941
82 bliana d'aois
Duluth, Minnesota, Minnesota Cuir in eagar ar Wikidata
Floruit1992
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn Giúdachas
Scoil a d'fhreastail sé/síUniversity of Minnesota system (en) Aistrigh
Ardscoil Hibbing
Sidwell Friends School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheMalibu
Teanga dhúchaisBéarla
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Nua-Eabhrac Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmcumadóir amhrán, dioscmharcach, scríbhneoir scripte, cumadóir, aisteoir, pearsa raidió, amhránaí, dearthóir, scríbhneoir, liriceoir, léiritheoir ceirníní, file, aisteoir scannáin, stiúrthóir scannán, giotáraí, péintéir, dírbheathaisnéisí, ceoltóir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1962 –
Ball de
SeánraRac-cheol, na gormacha, ceol tuaithe, American folk music (en) Aistrigh, popcheol tíre, rac-tíre, rac-cheol tíre, rac-cheol Críostaí, ceol gaspal, Americana (en) Aistrigh agus snagcheol
Faoi thionchar
Ainm cleiteBob Dylan Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Cineál guthaBaratón

UirlisGiotár, armónach, pianó, ceol gutha, Richter-tuned harmonica (en) Aistrigh agus nyckelharpa (en) Aistrigh
Lipéad ceoilColumbia Records
Asylum Records Cuir in eagar ar Wikidata
Ghlac sé/sí páirt i
13 Iúil 1985Live Aid
1973Mariposa Folk Festival 1973 (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Saothar suntasach
Suíomh a chartlainne
Teaghlach
CéileSara Dylan (1965–1977)
Carolyn Dennis (1986–1992) Cuir in eagar ar Wikidata
PáirtíSuze Rotolo
Joan Baez Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteJakob Dylan
 ( Sara Dylan)
Jesse Dylan
 ( Sara Dylan) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairAbram Zimmerman  agus Beatrice Stone
Gradam a fuarthas
Síniú

Suíomh gréasáinbobdylan.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0001168 Allocine: 13055 Rottentomatoes: celebrity/robert_zimmerman Allmovie: p88557 TV.com: people/bob-dylan IBDB: 84040
Facebook: bobdylan Twitter: bobdylan Instagram: bobdylan Youtube: UCnRI0ay61tY-fKYzzB3fCnw Souncloud: bobdylan Spotify: 74ASZWbe4lXaubB36ztrGX iTunes: 462006 Last fm: Bob+Dylan Musicbrainz: 72c536dc-7137-4477-a521-567eeb840fa8 Songkick: 408511 Discogs: 59792 Allmusic: mn0000066915 Deezer: 808 Cuir in eagar ar Wikidata

Ceoltóir, amhránaí, cumadóir, scríbhneoir agus file Meiriceánach is ea Bob Dylan (ar tugadh an t-ainm Robert Allen Zimmerman air nuair a saolaíodh é ar 24 Bealtaine, 1941 in Duluth, Minnesota, S.A.M.).

Chaith Zimmerman mórán dá óige ag éisteacht leis an raidió – thosaigh sé ar dtús ag éisteacht leis na stáisiúin raidió a sheinn ceol tíre agus na gormacha agus níos déanaí d’éist sé le rac is roll. D'eisigh a 37ú albam agus an ceann is déanaí, Fallen Angels i 2016. Bronnadh Duais Nobel na Litríochta air sa bhliain 2016 (Níor bhuaigh aon scríbhneoir amhrán an duais seo roimhe seo).

A Shaol agus A Shaol Oibre[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bunús agus Tús a Cheol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Saolaíodh Bob Dylan ar an 24 Bealtaine 1941 leis an ainm Robert Allen Zimmerman in Ospidéal Naomh Mhuire i nDuluth, Minnesota, agus tógadh é i Hibbing, Minnesota ar an Raon Mesabi siar ó Loch Superior. Tá deartháir níos óige aige, David.

Chuaigh seantuismitheoirí Dylan ar thaobh a athair, Zigman agus Anna Zimmerman, ar imirce ó Odessa, in Impireacht na Rúise (an Úcráin anois), go dtí na Stáit Aontaithe i ndiaidh na pograim frith-Sheimíteach i 1905. Ba Giúdaigh Liotuánach iad a sheantuismitheoirí ar thaobh a mháthair, Ben agus Florence Stone, a shroich na Stáit Aontaithe i 1902. In a dhírbheathaisnéis, Chronicles: Volume One, scríobh Dylan gurbh é Kirghiz sloinne a sheanmháthair ar thaobh a athair sular phós sí agus gur tháinig a clann ón gceantar Kağizman den Cúige Kars in oirthuaisceart na Túirce.

Ba chuid de phobal beag Giúdach a sheas le chéile iad athair Dylan, Abram Zimmerman - úinéir siopa gléasanna leictreacha - agus máthair Dylan, Beatrice "Beatty" Stone". Bhí cónaí orthu i nDuluth go dtí go raibh Robert sé bliana d'aois, nuair a tháinig póilió (polaimiailíteas) ar a athair agus bhog an teaghlach ar ais go baile dúchais a mháthair, Hibbing, áit a d'fhan siad i gcomhair an chuid eile de óige Robert.

D'éist sé leis an raidió mar pháiste - ar dtús bhíodh sé ag éisteacht leis na gormacha agus ceol tíre agus níos déanaí, mar déagóir, bhíodh sé ag éisteacht le rac is roll.

D'fhoirmigh sé roinnt bannaí ceoil agus é ag freastal ar Ardscoil Hibbing. Ins na 'Golden Chords' sheinn sé leaganacha d'amhráin Little Richard agus Elvis Presley. Nuair a sheinneadar "Rock and Roll Is Here to Stay" le Danny & The Juniors ag seo tallainne ina scoil bhíodar chomh glórmhar go raibh ar an príomhoide an micreafón a mhúcadh. Ar an 31 Eanáir 1959, trí lá sular fuair sé bás, sheinn Buddy Holly ag an Duluth Armory. Bhí Zimmerman, agus é seacht mbliana déag d'aois sna lucht féachana; ins an léacht a rinne sé nuair a bhuaigh sé a Dhuais Nobel dúirt Dylan: "He looked me right straight dead in the eye, and he transmitted something. Something I didn't know what, And it gave me chills".

San ollscoil[cuir in eagar | athraigh foinse]

I Meán Fómhair 1959 thosaigh Zimmerman ag freastal ar Ollscoil Minnesota. Bhí air bogadh ó Minnesota go Minneapolis. Bhog sé freisin ón gceol rac is roll ina raibh suim aige, dhírigh sé isteach ar cheol tíre agus mhalartaigh sé a ghiotár leictreach do giotár fuaimiúil. Sna nótaí a scríobh Dylan dá albam “Biograph” deir sé go raibh sé níos tógtha leis an gceol tíre ná an rac is roll toisc go raibh ceol tíre níos dáiríre, níos réadúla. Dar le Dylan, bhain ceol tíre le mothúcháin i bhfad níos doimhne – bhí níos mó éadóchais sna hamhráin, níos mó dobróin, agus níos mó caithréime.

Sar i bhfad thosaigh sé ag seinm i gcaife gar don Ollscoil darbh ainm “The 10 o’clock Scholar”. Thug sé sin deis do briseadh isteach i gciorcal ceoil an cheantair.

Ag an tráth seo dá shaol a d’aistrigh Zimmerman a ainm go “Bob Dylan”. Dar le Dylan go raibh sé ar intinn aige “Robert Allen” a úsáid ach, agus é ag léamh na hirise Downbeat, fuair sé amach go raibh ceoltóir ann cheana darbh ainm Robert Allen. Shocraigh sé ar an t-ainm Dylan a úsáid toisc go raibh sé ag léamh fhilíocht Dylan Thomas ag an am sin.

Níor chríochnaigh Dylan a chúrsa san Ollscoil. Bhí sé ag iarraidh a bheatha a thabhairt i dtír mar amhránaí, mar cheoltóir agus mar chumadóir amhrán.

I Nua-Eabhrac[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dylan ag seinm sa bhliain 1963

D’fhan sé in Minneapolis ar feadh tamaill, áfach, ag cleachtadh an cheoil tíre agus ag seinm nuair a bhí an deis aige ach i mí Eanáir 1961 bhog sé arís – an t-am seo go Nua-Eabhrac. Theastaigh uaidh seinm ann ach bhí cúis eile leis an gcinneadh dul go Nua-Eabhrac – bhí a laoch mór, Woody Guthrie, i mbaol báis agus theastaigh ó Dylan cuairt a thabhairt air sula mbeadh sé ródhéanach.

Nuair a bhí sé san ospidéal ag tabhairt cuairte ar Guthrie, bhuail Dylan le Jack Elliot – an ceoltóir a thaistil le Guthrie nuair a bhí sé ag seinm timpeall na tíre. D’éirigh Dylan agus Elliot cairdiúil agus luaigh Dylan é ina dhírbheathaisnéis “Chronicles”.

Ó Aibreán go Meán Fómhair 1961 sheinn Dylan i gclubanna éagsúla timpeall Greenwich Village. Tharla roinnt rudaí san am sin a thug níos mó aitheantais phoiblí dó. Ba le linn na tréimhse seo a thosaigh na stáisiúin raidió ag seinm a chuid ceoil. D’fhreastail an léirmheastóir Robert Shelton ó “The New York Times” ar a seó i “Gerde’s Folk City” agus scríobh sé léirmheas dearfach faoi. Chomh maith leis an dá rud sin, fuair Dylan cuireadh ón amhránaí tíre Carolyn Hester an armónach a sheinm ar a tríú halbam “Carolyn Hester”. Dhírigh sé seo aird John Hammond, a bhí ag léiriú albam Carolyn do Colombia Records, ar Dylan. Shínigh Dylan conradh le Colombia Records an Deireadh Fómhair sin.

Faraor, níor éirigh go rómhaith leis an gcéad albam a d’eisigh sé ar an lipéad sin. Níor dhíol sé ach 5,000 cóip sa chéad bhliain. Bhí roinnt daoine in Colombia Records den tuairim go raibh botún déanta ag John Hammond agus go mba cóir dó an conradh le Dylan a bhriseadh. Níor ghéill sé, áfach, agus chosain sé Dylan go láidir. Bhí comhghuaillí cumhachtach eile ag Bob Dylan in Colombia Records chomh maith – Johnny Cash.

Fad is a bhí Dylan ag obair do Colombia Records, thaifead sé amhráin faoin ainm cleite ‘Blind Boy Grunt’ do “Broadside Magazine” – iris ceoil tíre agus lipéad ceoil.

Diaidh ar ndiaidh d'fhás clú Dylan.

I 1965 d'fhill sé ar an gceol leictreach agus bhain úsáid as uirlisí ceoil leictreacha arís.

Ach fad is a bhí an clú is an cháil ag méadú, bhí an brú ag méadú freisin. I 1966 gortaíodh Dylan nuair a caitheadh é ó a ghluaisrothar i Nua-Eabhrac agus tar éis na timpiste thóg sé briseadh ón saol poiblí ar feadh bliain go leith.

Saol pearsanta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Phós Dylan Sara Lownds i mí na Samhna, 1965. Rugadh a gcéad pháiste, Jesse Byron Dylan, ag tús mhí Eanáir 1966. Bhí ceathrar páistí acu le chéile: Jesse Byron, Anna Lea, Samuel Issac Abraham, agus Jakob Luke. D’uchtaigh Dylan iníon Sara Lownds óna céad phósadh.

Sna nóchaidí bhain a pháiste is óige, Jakob Dylan, cáil amach mar phríomhamhránaí an bhanna The Wallflowers. Is stiúrthóir agus fear gnó rathúil é a mhac Jesse Dylan.

Scar Bob agus Sara Dylan óna chéile ar 29 Meitheamh 1977.

Phós Dylan arís i Meitheamh 1986. An t-am seo, phós sé a amhránaí taca Carolyn Dennis. Rugadh a bpáiste, Desiree Gabrielle Dennis-Dylan ar 31 Eanáir 1986. Scar an bheirt i 1992. Coimeádadh a bpósadh agus a bpáiste faoi rún roimh fhoilsiú na beathaisnéise a bhí scríofa ag Howard Sounes faoi Dylan, “Down the Highway: The Life of Bob Dylan”, i 2001.