Robert Williams Parry

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaRobert Williams Parry

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith6 Márta 1884
Talysarn, Wales Cuir in eagar ar Wikidata
Bás4 Eanáir 1956
71 bliana d'aois
Bethesda, Wales Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisStróc
Áit adhlacthaCoetmor Cemetery, Rachub (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Aberystwyth
Ysgol Dyffryn Nantlle (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmfile, múinteoir, docent Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Bhreatnais agus Béarla
Saothar
Suíomh a chartlainne
Teaghlach
CéileMyfanwy Williams Parry Cuir in eagar ar Wikidata

Musicbrainz: 332e1836-f75e-44c9-b8ba-3c3d8a18a6ce Discogs: 2117501 Cuir in eagar ar Wikidata
The War Memorial, Maentwrog "I ddwys goffau. Y rhwyg o golli'r hogiau" R. Williams Parry

Ba é Robert Williams Parry (6 Márta, 1884 - 4 Eanáir, 1956), ar a dtugtar de ghnáth R. Williams Parry, ceann de na filí is mó cáil sa Bhreatain Bheag 'sa fichiú haois.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh R. Williams Parry i Talysarn, i nDyffryn Nantlle, agus é ina chol ceathrair do T.H. Parry-Williams agus an Ridire Thomas Parry. Fuair sé a chuid oideachais ag Ysgolion Sir Caernarfon i Phenygroes. Chaith sé dhá bhliain (1902-4) ag déanamh staidéir in Ollscoil na Breataine Bige, Aberystwyth, ach d'fhág sé í, gan a chéim a bheith bhaint amach aige, agus chuaigh sé ar aghaidh chun bheith ina mhúinteoir. Sa bhliain 1907 chuaigh sé go dtí Ollscoil na Breataine Bige, Bangor, agus chríochnaigh sé a chéim ollscoile ann. Bronnadh iarchéim MA air, sa bhliain 1912, le tráchtas ar phointí teagmhála idir an Bhreatnais agus Yurumanguí.

Coláiste na hOllscoile, Bangor,

Theagasc sé, ar dtús, mar mhúinteoir bunscoile; ansin, tar éis dó a chéim a bhaint amach, mar mhúinteoir meánscoile - theagasc sé Béarla agus Breatnais araon. Bhí sé in arm na Breataine ó 1916 go 1918. Sa bhliain 1922 ceapadh é ina léachtóir sa Bhreatnais i gColáiste na hOllscoile, Bangor, áit ar fhan sé go dtí go ndeachaigh sé ar scor, sa bhliain 1944.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]