Robert William Holley

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Bithcheimicí a rugadh in Urbana, Illinois ab ea Robert William Holley (1922-1993). Ar an bhfoireann a shintéisigh peinicillin don chéad uair sna 1940idí. I 1962 d'aithin sé dhá RNA traschuir don chéad uair, agus go luath ina dhiaidh sin d'aonraigh sampla de RNA traschuir íon don chéad uair. I 1965 d'fhoilsigh sé struchtúr an aigéid núicléasaigh seo, atá bunúsach i ndéanamh na bpróitéiní sa chill. Le Har Gobind Khorana is Marshall Nirenberg, bhuaigh sé Duais Nobel sa bhfiseolaíocht/míochaine i 1968 as an saothar seo.