Robert Whittaker
B'éiceolaí fásra, Meiriceánach é Robert Harding Whittaker (1920-1980), a bhí gníomhach ó na caogaidí go dtí na seachtóidí. Rugadh é in Wichita, Kansas, agus bhain sé B.A. amach in Washburn Municipal College (anois Ollscoil Washburn) i dTopeka, Kansas, agus, i ndiaidh seirbhís mhíleata, gnóthaigh sé Ph.D. ag Ollscoil Illinois. Bhí post teagaisc agus taighde aige in Washington State College ,Hanford, Washington, i Hanford National Laboratories (obair cheannródaíocht aige ansin in úsáid rianairí radaighníomhacha i staidéar na n-éiceachóras), Brooklyn College, Ollscoil California-Irvine, agus sa deireadh, Ollscoil Cornell.
Ba é Whittaker a chéad mhol (sa bhliain 1969) an Córas Cúig Ríocht le haicmiú a dhéanamh ar neacha an Nadúir. An Tacsanomaíocht a thugtar ar an gcineál chórais seo. Seo a leanas na Cúig Ríocht a mhol sé; Animalia, Plantae, Fungi, Protista, agus Monera.
[athraigh] Tagairtí
- Robert H. Whittaker Communities and Ecosystems, Macmillan, 1975. ISBN 0-02-427390-2
- Robert H. Whittaker(Ed), Classification of Plant Communities, 1978 (Handbook of Vegetation Science), Kluwer Academic Publishers, ISBN 90-6193-566-0
[athraigh] Naisc sheachtracha
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.