Robert Stewart, Bíocunta an Chaisleáin Riabhaigh
| Robert Stewart, Bíocunta an Chaisleáin Riabhaigh | |
| Portráid le Sir Thomas Lawrence, 1809-10 | |
|
Príomh-Rúnaí na hÉireann
|
|
| In oifig 1798-1801 |
|
| Réamhtheachtaí: | Thomas Pelham |
| Comharba: | Charles Abbot |
|
|
|
| Dáta breithe | 18 Meitheamh 1769 |
| Baile Átha Cliath, Éire | |
| Dáta báis | 12 Lúnasa 1822 |
| Kent, Sasana | |
| Gairm | Polaiteoir agus státaire |
| Céile | Amelia Hobart |
| Síniú |
|
Ba státaire Éireannach agus Briotanach é Robert Stewart, Second Marquess of Londonderry KG, GCH, PC,(Ire) (18 Meitheamh, 1769 - 12 Lúnasa, 1822), ar a dtugtar sa stair an Tiarna an Chaisleáin Riabhaigh (Béarla: Lord Castlereagh). [n 1] Mar Rúnaí Eachtracha na Breataine, ó 1812 bhí sé lárnach do bhainistíocht na comhghuaillíochta a threascair Napoléon Bonaparte agus ba é an príomh-taidhleoir Briotanach é ag Comhdháil Vín. Bhí sé freisin ina cheannaire ar Theach na gComóntach Briotanach i rialtas an Robert Jenkinson, 2ra Iarla Learphoill (Béarla: 2nd Earl of Liverpool) ó 1812 go dtí a bháis le féinmharú i Lúnasa 1822. Go luath ina ghairm bheatha, mar Phríomh-Rúnaí na hÉireann, bhí baint aige le hÉirí Amach 1798 a chur faoi chois agus a bhí sé freagrach as Acht an Aontais 1800 a chur i bhfeidhm.