Robert Stephenson

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Innealtóir sibhialta a rugadh i Willington Quay Shasana, mac le George Stephenson, a chabhraigh leis i ndearadh an Rocket ab ea Robert Stephenson (1803-1859). Bhain sé cáil dó féin as dearadh feadánach do Dhroichead Britannia thar Chaolas Menai sa Bhreatain Bheag (1846-1849) agus droichid eile i gConwy, Newcastle-upon-Tyne, Montréal is áiteanna eile.