Robert O'Hara Burke

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaRobert O'Hara Burke

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith6 Bealtaine 1821
Contae na Gaillimhe Cuir in eagar ar Wikidata
Bás28 Meitheamh 1861
40 bliana d'aois
Cooper Creek, South Australia Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaMelbourne General Cemetery (en) Aistrigh 37°47′30″S 144°57′49″E / 37.791681°S 144.963639°E / -37.791681; 144.963639 Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAcadamh Ríoga Míleata, Woolwich Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmtaiscéalaí, póilíní Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Teaghlach
AthairJames Hardiman Burke  agus Anne O'Hara
Gradam a fuarthas

Find a Grave: 11177546 Cuir in eagar ar Wikidata

Ba thaiscéalaí Éireannach é Robert O'Hara Burke (6 Bealtaine 182028 Meitheamh 1861), an chéad fhear bán a thaistil trasna mhórthír na hAstráile.

An turas taiscéalaíochta ar an 20 Lúnasa 1860, Melbourne (Nicolas Chevalier)

Cé gur éirigh le O'Hara Burke agus William Wills taistil trasna mhórthír na hAstráile, cailleadh iad ar an turas ar ais.[1]

Arrival of Burke & Wills at Flinders River, le Edward Jukes Greig (1862). I ndáiríre, ní fhaca siad an fharraige.

Tús a shaoil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh O'Hara Burke i gContae na Gaillimhe agus tógadh é in oirthear na Gaillimhe.

An Turas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 20 Lúnasa 1860 d'imigh Robert O'Hara Burke agus William Wills ó Mhelbourne chun siúl trasna na hAstráile, an chéad turas a dhéanfadh Eorpaigh. Ócáid cheiliúrtha ba ea í ... tháinig 20,000 duine i Melbourne amach chun breathnú orthu ar an lá sin.

An bás, Arthur Loureiro (1892)

Ceapadh an Búrcach de bharr go raibh aithne aige ar na daoine cearta ar Chumann Ríoga Victoria agus go raibh an cúlra ceart aige: tógáil uasal agus traenáil mhíleata[2]. Is tuairimí na saineolaithe nach raibh an cháilíocht chuí ag Burke le bheith i gceannas ar an taiscéalaíocht. 

I mbaile  Menindee,  rinne  an Búrcach cinneadh  tubaisteach :  an  grúpa a bhí aige a scoilt. Shroich Coopers an abhainn Flinders (Normanton inniu), ach i bhfad suas ón inbhear, ar an 9 Feabhra 1861.

D'fhill siad ar ais ansin go Coopers Creek.  Bhain  siad  an  áit  seo  amach  naoi  n-uaire  ró  dhéanach  le haghaidh tarrthála, ar an 21 Aibreán 1861. D'fhan an Búrcach agus a chairde ann agus fuair siad bás leis an ocras.

Adhlacadh an Búrcach níos déanaí .. Ealaíontóir: William Strutt (1911)

Clár TG4[cuir in eagar | athraigh foinse]

Craoladh an tsraith ‘Craiceann Geal – Croí Marbh’ ar TG4. Leanann TG4 an turas taiscéalaíochta a rinne O’Hara Burke ó chósta go cósta na mór roinne thiar sa bhliain 1860. Léitear sleachta as dialann an Bhúrcaigh, as na litreacha a scríobh sé agus as an óráid a thug sé i Melbourne sular thosaigh sé ar a thuras. 

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]