Robert McCredie May

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Robert May

Fisicí is éiceolaí a rugadh i Sydney na hAstráile is ea Robert McCredie May (a rugadh ar 8 Eanáir 1938). D'oibrigh sé san Astráil, na Stáit Aontaithe, agus Sasana. D'fhorbair sé mionsamhlacha neamhlíneacha matamaiticiúla, ag cur anoird san áireamh, chun dinimic líon na n-ainmhithe in éiceachóras a mhíniú. Rinne sé staidéar ar fheidhmiú modhanna anailíse mar seo in epidéimeolaíocht galar i bplandaí agus ainmhithe. D'fhoilsigh sé dhá leabhar cháiliúla, Stability and Complexity in Model Ecosystems (Cobhsaíocht is Castacht in Éiceachórais Eiseamláracha, 1973) agus Infectious Diseases of Humans (Galair Ionfhabhtaíocha Daoine, 1991).