Robert Menzies

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Robert Gordon Menzies)
Robert Menzies
Portrait Menzies 1941.jpg

12ú Príomh-aire na hAstráile
In oifig
26 Aibreán 193926 Lúnasa 1941
Réamhtheachtaí: Earle Page
Comharba: Arthur Fadden
In oifig
19 Nollaig 194926 Eanáir 1966
Réamhtheachtaí: Ben Chifley
Comharba: Harold Holt

Dáta breithe 20 Nollaig 1894
  Jeparit, Victoria
Dáta báis 15 Bealtaine 1978
  Melbourne, An Astráil
Páirtí Páirtí Liobrálach
Céile Pattie Leckie

Ba é Sir Robert Gordon Menzies (20 Nollaig 1894 - 15 Bealtaine 1978), dlíodóir agus polaiteoir, an dóú Príomh-Aire déag de chuid na hAstráile agus an Príomh-Aire is faide a bhí i réim.

Chuaigh sé i réim den chéad uair sa bhliain 1939 tar éis bhás Joseph Lyons, ceannaire an United Australia Party. Bhain a pháirtí toghchán na bliana 1940 le breis shuarach, ach thit an rialtas nuair a vótáil roinnt Feisirí ar thaobh an Fhreasúra. Chaith Menzies féin ocht mbliana sa Fhreasúra dá bharr, agus bhunaigh sé Páirtí Liobrálach na hAstráile idir an dá linn. Bhí rialtas nua aige sa bhliain 1949, agus d'fhan sé i réim nó gur éirigh sé as sa bhliain 1966.

Bhí deis a labhartha go hiontach ag Menzies mar dhlíodóir (b'abhcóide de chuid na Banríona é) agus mar pholaiteoir. Chreid sé go diongbháilte sa mhonarcacht agus shíl sé gur chóir don Astráil ceangal muintearais a chothú leis an mBreatain. Bronnadh a lán onóracha air: Ridire Ord an Fheochadáin (ba é an t-aon Astrálach amháin a fuair an gradam sin), Ridire Ord na hAstráile, Ord Chuideachta na hOnóra agus eile.

An chéad chuid dá shaol[athraigh | edit source]

An Ridire Robert Menzies

Rugadh Menzies in Jeparit, baile beag sa Wimmera in iarthar Victoria, ar 20 Nollaig 1894. Ba de shliocht Albannach agus Cornach é,[1] agus bhí sé mórálach as pór na nGarbhchríoch a bheith ann. Bhí a athair agus uncail leis ina baill de Pharlaimint Victoria, agus bhí uncail eile ina Fheisire feidearálach.[2] Fuair sé scolaíocht i scoil aon seomra ar dtús, agus ansin d'fhreastail sé ar scoileanna príobháideacha i Melbourne agus ar Ollscoil Melbourne, áit ar ghnóthaigh sé céim sa dlí sa bhliain 1916.

Foirgnimh scriosta i Londain

Bhí céim oifigigh ag Menzies i milíste na hOllscoile nuair a thosaigh an cogaidh, ach d'éirigh sé as an bpost, cé go raibh a leithéidí eile ag iarraidh liostáil. Dúradh go raibh sé chomh aige leanúint dá chuid staidéir agus beirt dearthár leis san arm cheana, ach scéal é a d'fhág smál éigin ar a chlú (cé gur cúitíodh é agus Menzies i Londain scór blianta ina dhiaidh sin i rith na buamála).

Ghnóthaigh Menzies duaiseanna acadúla agus é á fhógairt go raibh sé ar son an chogaidh agus an choinscríofa. Tháinig cáil air mar dhlíodóir i Melbourne, agus sa bhliain 1920 phós sé Pattie Menzies, iníon Feisire choimeádaigh agus ball, mar sin, den scothaicme.

Ag dul i réim[athraigh | edit source]

Sa bhliain 1928 d'éirigh Menzies as an dlí agus toghadh é mar bhall de Chomhairle Reachtais Victoria (teach uachtarach na Parlaiminte) ar son Pháirtí Náisiúnach na hAstráile. Is beag nár cuireadh a iarrthóireacht ó mhaith nuair a d'fheann roinnt athshaighdiúirí é ar na páipéir as gan liostáil, ach tháinig sé slán. Sa bhliain 1929 d'aistrigh sé go dtí an Tionól Reachtais (an teach íochtarach) , rud a lig dó a bheith ina Aire agus ina Thánaiste i rialtas coimeádach idir na blianta 1932 agus 1934.

Is sa bhliain 1934 a rinneadh polaiteoir feidearálach de, agus é ag seasamh do Pháirtí na hAstráile Aontaithe (United Australia Party - UAP) in Kooyong, toghlach uasaicmeach i Melbourne. Rinneadh Ard-Aighne agus Aire Tionsclaíochta de ar an bpointe i rialtas Joesph Lyons, agus sa bhliain 1937 rinneadh ball den Rí-Chomhairle de.

Sna blianta 1934 agus 1935 rinne Menzies iarracht sna cúirteanna thar ceann an rialtais ar Egon Kisch, Cumannach Giúdach ón tSeicslóvaic, a choinneáil amach ón tír. Dúirt daoine éigin go raibh lé ag Menzies leis na Naitsithe agus shíl a lán eile gur fhrith-Chumannach é, agus b'éigean dó an chonspóid a sheachaint trína rá gurbh é an tAire Intíre, Thomas Patterson, ba thúisce a rinne an t-ordú.

Le himeacht aimsire rinneadh tánaiste den UAP de, agus cuireadh ina leith go raibh rún aige Lyons a bhrú i leataobh. Tugadh leasainm cáiliúil cáiliúil air sa bhliain 1938 - "Pig Iron Bob" - de bharr achrainn idir é féin agus dugairí nárbh áil leo sean-iarann a chur thar sáile chun na Seapáine ar eagla gurbh ábhar cogaidh aici é. Ní raibh sé dall ar an gcontúirt, áfach, agus d'éirigh sé as an Aireacht sa bhliain 1939 mar agóid i dtaobh mhoilleadóireacht an rialtais. Ba ghearr gur cailleadh Lyons, ar 7 Aibreán 1939.

An chéad tréimhse aige mar Phríomh-Aire[athraigh | edit source]

Robert Menzies ag fógairt thosach an chogaidh don náisiún sa bhliain 1939.

Ar 26 Aibreán 1939 toghadh Menzies mar cheannaire an UAP agus rinneadh Príomh-Aire de i gcomhrialtas idir an tUAP agus Páirtí na Tuaithe (Country Party nó "páirtí na bhfeirmeoirí"). Ach dhiúltaigh Earl Page, ceannaire Pháirtí na Tuaithe, dul isteach in Aireacht Menzies agus d'ionsaigh go géar sa Pharlaimint é, á rá gur chladhaire é Menzies toisc nár liostáil sé san Arm sa Chéad Chogadh Domhanda agus go raibh sé mídhílis do Lyons.

D'éirigh le Menzies rialtas mionlaigh a chur ar bun, agus chuir sé cuma nua ar an gComhrialtas nuair a chaill Page ceannas a pháirtí tamall ina dhiaidh sin. Mhaith sé do Phage ach ní labhródh Pattie Menzies leis siúd arís.

Cúrsaí cogaidh[athraigh | edit source]

Nuair a rinneadh Príomh-Aire de sa bhliain 1939 bhí sé an-deacair aige misneach a chur sa tír. Bhí cuimhne ag daoine fós ar an gCéad Chogadh Domhanda, cogadh nach raibh Menzies féin páirteach ann. Thug sé cuairt oifigiúil ar an nGearmáin sa bhliain 1938, agus thaobhaigh sé le beartas géillte is síthe Neville Chamberlain, mar a rinne a lán polaiteoirí ag an am. Ach nuair a d'fhógair Chamberlain cogadh ar an nGearmáin lean Menzies é.

Ar éigean a tháinig an tUAP slán i dtoghchán na bliana 1940. Dhiúltaigh Páirtí Lucht Oibre na hAstráile (Australian Labour Party - ALP), a bhí faoi cheannas John Curtin, dul i gcomhar le Menzies i gcomhrialtas cogaidh, agus b'fhearr leo an tArm a choinneáil sa bhaile chun an tír a chosaint de rogha ar é a chur anonn chun na hEorpa. Bhí an tALP sásta, áfach, a bheith páirteach sa Chomhairle Chogaidh (Advisory War Council).

Menzies agus Winston Churchill i Sráid Downing sa bhliain 1941.

Chaith Menzies tamall maith de mhíonna sa Bhreatain sa bhliain 1941 ag plé cúrsaí straitéise le Churchill agus le ceannairí eile, ach idir an dá linn bhí a chairde á thréigean sa bhaile. Nuair a tháinig sé abhaile bhí air éirí as mar Phríomh-Aire agus mar cheannaire an UAP, agus rinneadh Príomh-Aire d'Arthur Fadden, ceann Pháirtí na Tuaithe. Bhí fearg ar Mhenzies dá bharr agus is beag nár éirigh sé as an bpolaitíocht.

Tháinig an tALP i gcumhacht faoi threoir John Curtin sa bhliain 1941, agus rug siad an chraobh leo gan dua sa bhliain 1943. Bhí a fhios ag Menzies go raibh an tUAP gan bhrí agus chrom sé ar pháirtí nua a bhunú ina áit: tháinig an Páirtí Liobrálach ar an bhfód sa bhliain 1945. Is beag rath a bhí air ar dtús, mar toghadh Ben Chifley (oidhre Curtin) gan stró ar bith sa bhliain 1946, agus dhealraigh sé nach raibh an bua i ndán do na Liobrálaigh faoi cheannas Menzies.

Aiséirí[athraigh | edit source]

Bhí an tALP, mar pháirtí den eite chlé, thíos leis an bhfrith-Chumannachas a lean an gCogadh Fuar. Nuair a d'fhogair Chifley gur mhian leis na bancanna príobháideacha a náisiúnú cuireadh an mheánaicme chun scaoill, rud a chuaigh ar sochar do na Liobrálaigh, mar a rinne an stailc ghuail a chuir na Cumannaigh ar siúl sa bhliain 1949. I dtoghchán na bliana sin thréig na daoine an tALP ina dtuile sléibhe, agus fuair Menzies greim ar naoi suíochán nua is daichead sa bhreis - an t-athrú tuairime ba mhó riamh i dtoghchán Astrálach.

Sa bhliain 1950, mar bharr ar an sonas, fuair Menzies an Legion of Merit ó Harry S. Truman, Uachtarán na Stát Aontaithe, as obair ar leith a dhéanamh i rith an chogaidh agus ina dhiaidh.

Menzies agus a bhean chéile Pattie Menzies sna daichidí.

Bhí smacht ag an ALP ar an Seanad agus ba mhór an crá croí ag Menzies iad. Sa bhliain 1951 rith Menzies Bille chun an Páirtí Cumannach a chosc le súil go ndiúltódh an Seanad dó agus go mbeadh faill aige dá bharr ar an dá Theach a lánscor le haghaidh toghcháin, ach ligeadh don Bhille. Ina dhiaidh sin dúirt Ard-Chúirt na hAstráile nach raibh an Bille de réir an Bhunreachta. Thapaigh Menzies an deis chun lánscor a dhéanamh, áfach, nuair a dhiúltaigh an Seanad do Bhille i ngeall ar na bainc, agus i dtoghchán feidearálach na bliana 1951 fuair sé smacht ar an dá Theach.

Rinne sé botún, áfach, i gcás eile. Chuir sé reifreann ar siúl sa bhliain 1951 a ligfeadh an Bunreacht a athrú lena cheadú don Pharlaimint dlíthe a dhéanamh faoi na Cumannaigh dá mba ghá sin ar son shlándáil an Chomhlathais. Ach throid H.V. Evatt, ceannaire nua an ALP, i gcoinne an mholaidh ar son saoirsí sibhialta, agus bhain le breis bheag.

Bhí caidreamh ag Menzies ar an mBreatain agus ar Mheiriceá araon, agus chuir sé saighdiúirí Astrálacha chun Cogadh na Cóiré. Sa bhliain 1965 shocraigh sé ar shaighdiúirí Astrálacha a chur chun Cogadh Vítneam agus ar an gcoinscríobh a thabhairt ar ais. Bhí daoine sásta leis sin ar dtús, ach tháinig a mhalairt de thuairim ag mórán daoine.

Menzies agus an tALP[athraigh | edit source]

Níor éirigh le rialtas Menzies caoi mhaith a choinneáil ar an ngeilleagar, agus bhí súil ag Evatt le bua sa chéad toghchán eile dá bharr. Bhí Menzies in ann tairbhe a bhaint as an scéal go raibh Vladimir Petrov, taidhleoir Sóivéadach, tar éis a thaobh féin a thréigean san Astráil, agus go raibh fianaise ann go raibh spiairí sa tír agus le fáil fiú i bhfoireann Evatt féin. Ba leor seo chun an bua a thabhairt do na páirtithe coimeádacha, cé go bhfuair Páirtí an Lucht Oibrithe formhór na vótaí ann féin.

Tar éis thoghchán na bliana 1954 scoilt an tALP, agus chuir roinnt baill fhrith-Chumannacha páirtí nua ar bun a dtabharfaí Páirtí Daonlathach an Lucht Oibre air ( Democratic Labor Party - DLP). Thugadh sé a chuid vótaí dara tosaíochta (“preference votes”) do dhream Menzies, rud a chuidigh go mór leis an ALP a choinneáil amach nó gur tháinig borradh faoin ngeilleagar i ndeireadh na gcaogaidí. Bhí inimircigh ag teacht ina dtuile, tithe á dtógail, earraí á ndéanamh, agus praghsanna arda ar easportálacha talmhaíochta.

Bhí ceannaire nua ar an ALP, Arthur Calwell, fear a bhain geit as Menzies nuair a chuir crapadh creidmheasa isteach ar fhostaíocht. Ní raibh ag Menzies i dtoghchán na bliana 1961 ach móramh dhá shuíochán. Tháinig rath ar an scéal (ó thaobh Menzies de) ina dhiaidh sin: bhain sé leas as conspóidí a naimhde agus go háirithe as an teilifís, meán nua. Craoladh a óráid pholasaí ar 12 Samhain 1963, an chéad uair riamh a rinneadh a leithéid san Astráil. [3]

Deireadh réime[athraigh | edit source]

D’éirigh Menzies as i Mí Eanáir 1966 agus tháinig Harold Holt ina áit. D’fhan an Comhrialtas i gcumhacht go ceann seacht mbliana eile.

Tar éis dó dul ar scor rinneadh an tríú Seansailéir déag d’Ollscoil Melbourne de, agus bhronn a lán ollscoileanna Astrálacha eile céimeanna onóracha air de bharr ar thug sé de spreagadh don ardléann agus é faoi réim.

Sa bhliain 1966 cheap an Bhanríon é mar Thiarna Bardaigh na gCúig Chaladh agus mar Chonstábla Chaisleán Dover, rud a lig dó cónaí i gCaisleán Walmer nuair a tháinig sé gach bliain ar cuairt chun na Breataine.

Deir daoine éigin gur tháinig rath air de bharr bhorradh fada an gheilleagair tar éis an Dara Cogadh Domhanda agus an leasa a bhain sé as conspóidí an Chogaidh Fhuair. Ba mhór an chabhair dó freisin na conspóidí a tharla taobh istigh de Pháirtí an Lucht Oibre. Tá an-mheas go deo ag coimeádaigh na tíre ar a chuimhne go fóill.

Leabhair[athraigh | edit source]

  • Brett, Judith (1992) Robert Menzies' Forgotten People, Macmillan
  • Cook, Ian (1999), Liberalism in Australia, Oxford University Press, South Melbourne, Victoria. Caibidil 7: 'Robert Menzies'. ISBN 0-19-553702-5
  • Hazlehurst, Cameron (1979), Menzies Observed, George Allen and Unwin, Sydney, New South Wales. ISBN 0-86861-320-7
  • Hughes, Colin A. (1976), Mr Prime Minister. Australian Prime Ministers 1901-1972, Oxford University Press, Melbourne, Victoria, Caibidlí 13 agus 18. ISBN 0-19-550471-2
  • Martin, Allan (1993 agus 1999) Robert Menzies: A Life, dhá imleabhar, Melbourne University Press, Carlton, Victoria.
  • Martin, Allan (2000), 'Sir Robert Gordon Menzies,' in Grattan, Michelle, "Australian Prime Ministers", New Holland Publishers, lgh 174-205. ISBN 1-86436-756-3
  • Martin, A.W. (2000), "Menzies, Sir Robert Gordon (Bob) (1894 - 1978)", Australian Dictionary of Biography, Volume 15, Melbourne University Press, (Melbourne), lgh 354–361.
  • Starr, Graeme (1980), "The Liberal Party of Australia: A Documentary History", Drummond/Heinemann, Richmond, Victoria. ISBN 0-85859-223-1

Tagairtí[athraigh | edit source]

  1. Australian Academy of Science: Biographical Memoirs of Deceased Fellows: Robert Gordon Menzies 1894-1978
  2. Robert Menzies
  3. Hughes, Colin agus Western, John (1966), The Prime Minister's Policy Speech: A Case Study in Televised Politics, Canberra, Australian National University Press

Naisc Sheachtracha[athraigh | edit source]