Robert Floyd Curl

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ceimicí a saolaíodh in Alice, Texas is ea Robert Floyd Curl (1933-). Lena chomhghleacaithe Richard Smalley is Harold Kroto fuair sé an 3ú allatróp de chuid carbóin, C60, i gcruth cáis sféaraigh, cosúil leis an gcruinneachán geodasach a dhear Buckminster Fuller, agus adamh carbóin ag gach cúinne. Tús le réimse torthúil lán-nua ceimice ab ea na millíní bucaí seo i 1985. Bronnadh Duais Nobel sa cheimic ar an triúr i 1996.