Robert Edwin Peary

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ceannasaí cabhlaigh is taiscéalaí a rugadh i gCresson Springs, Pennsylvania ab ea Robert Edwin Peary (1856-1920). Rinne sé 8 n-aistear mara go cósta na Graonlainne, ag baint an chósta thoir amach i 1891-1892 tríd an oighear a thrasnú. I gceannas ar an gcéad aistear go dtí an Mol Thuaidh, 1909.