Robert E. Lee

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Robert E. Lee

Ba ghinearál Meiriceánach é Robert Edward Lee (19 Eanáir 180712 Deireadh Fómhair 1870). Ar phlandáil darbh ainm Stafford Hall i gContae Westmoreland i Virginia a rugadh é. Rinne sé seirbhís in Arm na Stát Aontaithe ó 1829 go 1861. Nuair a cuireadh tús le Cogadh Cathartha na Stát Aontaithe chuaigh Lee leis an Chonaidhm, is é sin, stáit an deiscirt, agus cuireadh é i gceannas ar Arm Virginia Thuaidh, post a bhí aige go dtí deireadh an chogaidh sa bhliain 1865. Ina dhiaidh sin, chaith sé tamall ina uachtarán ar Ollscoil William and Mary i Virginia agus ba sa stát céanna, i Lexington, a fuair sé bás sa bhliain 1870.