Robert Clive

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Robert Clive.
Robert Clive san India.

Polaiteoir ab ea é Robert Clive (29 Meán Fómhair, 1725 - 22 Samhain, 1774) i Shropshire, Sasana i 1725. Ní raibh aon mhaith ann ar scoil agus athraíodh ó scoil go scoil é le súil go bhfoghlaimeodh sé rud éigin. D'éirigh leis stíl shoiléir bhríomhar Béarla a fhorbairt agus bhí ardmheas ar a chumas oráidíochta nuair a bhí sé sa pharlaimint.

Cuireadh é go Madras mar scríbhneoir don East India Company nuair a bhí sé ocht mbliana déag d'aois. Ní raibh sé róshona agus rinne sé iarracht lámh a chur ina bhás féin, chomh maith le bheith ag troid le daoine eile. Bhí baint ag Clive leis an chogaíocht a bhí ar bun le fórsaí dúchasacha agus leis na Francaigh, agus chum sé seift chun cathair Arcot a ghabháil ó Chanda Sahib, ceannaire áitiúil. Bhí cáil ar Clive ar fud na hEorpa tar éis an chatha seo agus rinneadh gobharnóir de ar Fort St David, ionad tábhachtach míleata de chuid na Breataine san India. Throid sé cathanna eile a mhéadaigh cumhacht na Breataine sa tír, ach ba é cath Plassey (1757) a thug ceannas dó ar an India go hiomlán beagnach.

D'fhill Clive ar an mBreatain i 1760, é saibhir agus ardchlú air, ach bhí a shláinte go dona. Chaith sé seal sa Pharlaimint agus cheannaigh an-chuid talún. Chaith sé dhá bhliain déag sa House of Commons go dtí gur ardaíodh go Teach na dTiarnaí é i 1762. Chuaigh sé ar ais chun na hIndia i 1764 mar Ghobharnóir ar Bengal agus rinne leasú ar an státseirbhís a bhí curtha ar bun ansin. Theip ar a shláinte ar fad agus chuaigh sé ar ais go Sasana i 1767. Bhí an-dúil aige san oipiam, agus nuair a cuireadh fiosrúchán ar bun faoi chaimiléireacht a cuireadh ina leith, mharaigh sé é féin i mí na Samhna 1774, agus 48 mbliana slánaithe aige.