Robert Ballagh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaRobert Ballagh

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith22 Meán Fómhair 1943
80 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síInstitiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath
Coláiste Naomh Mícheal Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpéintéir, dearthóir stampaí poist Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla

IBDB: 76452 Cuir in eagar ar Wikidata

Is ealaíontóir, péintéir agus dearthóir Éireannach é Robert "Bobby" Ballagh. Rugadh i mBaile Átha Cliath é 22 Meán Fómhair, 1943 agus rinne sé a chuid staidéir ag Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath ar Shráid Bolton.[1]

Ní chloíonn Ballagh le haon stíl amháin. Clúdaíonn a chuid ealaíne réimse leathan stíle ar nós pop-ealaín , iarnua-aoiseachas, scáthú hipirleaisteach agus foirmiúlachas, chomh maith le neart ábhair a bhaineann le cúrsaí litríochta, stairiúla agus polataíochta.[2]

Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagann Robert Ballagh ó chúlra meánaicme i mBaile Átha Cliath. Rugadh sa phríomhchaithair é, 22ú Meán Fómhair, 1943. Tá deighilt cultúrtha na tréimhse seo le feiceáil óna thuimitheoirí; Nancy agus Robert Ballagh.[3] Ba Chaitliceach í Nancy, a mháthair agus ba Phreispitéireach é Robert, a athair. D'iompaigh a athair go gCaitliceachas tar éis á pósadh. Chónaigh siad ag 14 Sráid Elgin, Droichead na Dothra [4]

D'fhreastail Robert Ballagh ar Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath ar sráid Bolton, áit a dhearna sé staidéar ar ailtireacht. Ealaíontóir féin-múinte a bhí ann agus ní in aon stíl amháin a luíonn a scileanna ealaíon. Clúdaíonn a shaothar pop-ealaín, dearadh seiteanna agus stampaí, portráidí agus neart eile. Tar éis 3 bliana san ollscoil, ba léir go raibh tionchar ag an ailtreachas ar a chuid ealaíon. Dar leisean, bíonn a fhios aige roimh ré an íomhá atá uaidh, cosúil le tógáil tí "I generally make very few changes once I've worked out the picture...generally the house is built according to the blueprints...it's all planned and worked out [5]


Chuaigh Ballagh ar an dól don chéad uair sna seascaidí nuair a chaill sé a phost mar línitheoir ailtireachta.

Baile Átha Cliath[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'éirigh suim Ballagh i gcúrsaí polaitíochta níos treise fad is d'fhorbair sé a chuid oibre. Léirítear seo in Figures Looking at an Exhibition mar shampla. Bhí sé ag iarraidh a chuid chúlra agus a thaithí féin a chur in iúl mar ealaíontóir ina chónaí i mBaile Átha Cliath sa fichiú aois déag. Léiríonn a obair, go háirithe an obair a rinne se in 1982, gnéithe dá shaol féin.

D'fhoilsigh sé leabhar grianghraf Bhaile Átha Cliath in 1981. Bhí sé ar intinn Ballagh chreimeadh na cathrach a thaifead sa leabhar. Feiceann sé codarsnacht idir a áit chónaithe sna caogaidí agus an t-athrú tapaigh a bhí le feiceáil i mBaile Átha Cliath sna hochtaidí. Fuair Ballagh inspioráid ó James Joyce agus a iarrachtaí le cur síos a dhéanamh ar Bhaile Átha Cliath agus a muintir. Clúdaíonn na grianghraif foirgnimh gnó, dealbh, gairdíní, abhainn, séipéil, páirceanna agus neart eile. Dúirt Robert go raibh sé ag iarraidh "to see something special in the simplest of things has...been my goal in the preparation of this book"[6]

Bhí rath idirnáisiúnta ar Ballagh ag é 33 bliain d'aois ach ní raibh mórán le taispeáit aige maidir le hairgead. Bhí ciall airgeadais le fanacht i gCloch Leathan i mBaile Átha Cliath i dteachín breá simplí.[7]


Dearthóir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Clúdaíonn scileanna Ballagh neart réimse dearthóireachta chomh maith le healaín. Tá clú agus cáil air ina dearthóir den seit stáitse do "Riverdance" [8]

Go dtí le déanaí, bhí Robert Ballagh ceann de na healaíontóir is cáiliúla in Éirinn sa chaoi ina a mbeadh aithne ag gach duine ar a shaothair, fiú i ngan fhios dóibh féin.[9]

Saothair Ealaíon[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Self-Portrait 1959 (16bln)
  • Maternity 1959 (olaí)
  • The Blessing 1959 (olaí)

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2011-07-21. Dáta rochtana: 2013-07-30.
  2. Knowles, R., 1982, Contemporary Irish Art, Wolfhound Press, Mountjoy Sq. Dublin 1. lch 216
  3. Carty, C., 1986, Robert Ballagh, Magill, Merrion Row, Dublin 2. lch 28
  4. Carty, C., 1986, Robert Ballagh, Magill, Merrion Row, Dublin 2. lch 25-35
  5. Gallery, G., 2006, Robert Ballagh:Works from the Studio 1959-2006, Damien Matthews Fine Art, London. lch9
  6. Ballagh, R., 1981, "Dublin: Introduction by Ciaran Carthy" Dublin, Ward River Press
  7. Knowles, R., 1982, Contemporary Irish Art, Wolfhound Press, Mountjoy Sq. Dublin 1. lch 10/43
  8. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-03-10. Dáta rochtana: 2013-07-29.
  9. http://cristinleach.com/?p=527[nasc briste go buan]