Rivers Cuomo

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ceoltóir, amhránaí, príomhghiotáraí agus príomhscríbhneoir amhrán den bhanna ceoil Meiriceánach 'Weezer' is ea Rivers Cuomo (a rugadh 13ú Meitheamh, 1970).

Saol[athraigh | edit source]

Rugadh é i Mhanhattan i Nua-Eabhrac agus tógadh é ar ashram a bhí á reáchtáil ag Sri Swami Satchidananda i Promfret, Connecticut. Thug a mháthair an t-ainm 'Rivers' air mar gheall ar gur rugadh é idir an Abhainn Oirthear agus an Abhainn Hudson i gCathair Nua-Eabhrac.

I ndiaidh roinnt tograí ceoil i Los Angeles, chuir Rivers Weezer ar bun ar 14ú Feabhra, 1992, le baill ó Sixty Wrong Sausages, leis an drumadóir Patrick Wilson san áireamh.