Risteard III Shasana
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
| Risteard III | |
|---|---|
| Rí Shasana agus Tiarna na hÉireann | |
| Réimeas | 20 Meitheamh 1483 – 22 Lúnasa 1485 |
| Dáta breithe | 2 Deireadh Fómhair 1452 |
| Áit bhreithe | Caisleán Fotheringhay, Northamptonshire |
| Dáta báis | 22 Lúnasa 1485 |
| Áit bháis | Páirc Bosworth, Leicestershire |
| Réamhtheachtaí | Éadbhard V |
| Comharba | Anraí VII |
| Rítheaghlach | Eabhrac |
| Céile | Áine Neville |
Bhí Risteard III (2 Deireadh Fómhair 1452 – 22 Lúnasa 1485) ina rí ar Shasana ó 1483 go dtí lá a bháis. Ba é an rí deireanach ar Shasana de theaghlach Eabhrac agus de ríora Plantagenet. Tháinig deireadh le Cogadh na Rósanna nuair a briseadh ar a arm agus nuair a maraíodh é féin, ag Cath Pháirc Bosworth. Tháinig Anraí VII, an chéad rí Túdarach, i gcomharbacht air. Scríobh an dramadóir clúiteach William Shakespeare dráma mór le rá faoi Risteard III, ina léiríodh é mar bhithiúnach uafásach.