Risteárd de Clare, Dara hIarla Phembróic (Strongbow)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Pósadh Aoife agus Strongbow (1854) le Daniel Maclise.

B'é Risteárd de Clare, Dara hIarla Phembróic, Diúc Laighean, Giúisteoir na hÉireann (1130 – 20 Aibreán 1176), thugtaí Strongbow de ghnáth air, tiarna Chambra- Normannach. Bhain sé cáil amach i dtús mar cheannaire ar na Normannaigh a rinne ionradh ar Éirinn. Bhí Diarmuid Mac Murchadha Caomhánach san oirdheisceart in aighneas leis an Ard-Rí agus le tiarnaí eile na tíre, agus thug sé cuireadh do Strongbow, de bhunadh Normannach, a bhí lonnaithe sa Bhreatain Bheag, teacht i gcúnamh air. Mar chúitimh fuair Strongbow iníon Dhiarmada mar chéile agus rinneadh oidhre an rí de. Ach b'éigean dó géilleadh do cheannas Rí Shasana agus na Normainne, Anraí II agus ní raibh sé riamh ina rí ar Chúige Laighean.

B'iad Gilbert de Clare, Céad Iarla Phembróic agus Isabel de Beaumont a thuismitheoirí. Fuair a athair Gilbert bás nuair a bhí Risteárd thart fá ocht mbliana déag d'aois, agus fuair sé teideal a athair trí oidhreacht, ach sa bhliain 1168 bhí seo caillte nó forghéillte aige.

Éire[athraigh | edit source]

Sa bhliain 1168 thug Diarmuid Mac Murchadha, Rí Laighean, a aghaidh ar Bhristó ( Béarla: Bristol), Shasana, chun bualadh le Roibéard FitzHarding, ceannaithe saibhir de chuid na cathrach. Thairg seisean comhairle do Dhiarmuid imeacht leis chun na Fraince agus a scéal ar fad do chur faoi bhráid Anraí II. Bhuaileadar le chéile áit éigin i nAquitaine, sa deireadh. Ghlac Anraí Rí le Diarmuid ina ghialla dhó, agus tharraing sé cáipéis ag ceadú dó dhuine ar bith i dtailte na bPlantagenetach cabhrú leis chun a ríocht do bhuachaint ar ais. Thosnaigh Diarmuid agus FitsHarding cuardach i measc na n-uasal Normannach féacaint cé a bheadh sásta troid le Diarmuid in Éirinn. Shochraigh Riocard de Clare, mac le Gilbert de Clare agus oidhre ar iarlacht Phembroic, nach raibh ann ach scáil, dul san bhfiontar le Diarmuid. D'ofráil Diarmuid a iníon Aoife dó le pósadh agus oidhreacht Laighean nuair a gheobhadh Diarmuid bás.

Leagáid[athraigh | edit source]

Féach freisin[athraigh | edit source]

Tagairtí[athraigh | edit source]

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]