Richard Wright

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Richard Wright
Rickwright.jpg
Richard Wright sa bhliain 2006
Tír Sasana
Gníomhach 1964-2008
Seánra(í) ceoil Rac-cheol, Ceol turgnamhach
Lipéad/lipéid Capitol, Columbia, EMI, Harvest

Pianódóir agus seinnteoir méarchláir Sasanach a bhí i Richard William Wright (28 Iúil 1943 - 15 Meán Fómhair 2008), ar a bhfuil cáil domhanda mar gheall ar an tréimhse fhada a chaith sé ag seinm leis an mbanna mór le lá Pink Floyd. Cé nach raibh sé chomh gníomhaí mar chumadóir is a bhí Syd Barrett, Roger Waters agus David Gilmour, chum sé cuid mhór den cheol ar na halbaim mhóra Meddle, Dark Side of the Moon, Wish You Were Here, agus chomh maith le sin The Division Bell, ceirnín deireanach an bhanna. Ba chomhábhar bunúsach é obair mhéarchláir Wright i bhfuaim an bhanna, agus chuir sé a ghuth le hamhráin uaireanta chomh maith, beo ar an stáitse agus sa stiúideo, mar atá le cloisteáil ar na rianta "Time", "Echoes" agus "Astronomy Domine", a bhí cumtha ag Syd Barrett.

Cuireadh Wright as Pink Floyd sa bhliain 1981, nuair a bhíodar ag obair ar The Wall, tar éis fadhbanna ina shaol pearsanta agus teannas idir é féin agus Roger Waters, príomhchumadóir an bhanna ag an am. Tháinig sé ar ais níos déanaí, nuair a d'fhág Waters féin, agus chuir sé tús le tréimhse nua rathúil ag comhoibriú le David Gilmour ar cheirníní nua de chuid Pink Floyd, The Division Bell ina measc. Ina dhiaidh sin, lean sé ag seinm le Gilmour ar saothar aonair an ghiotáraí idir 2002 agus a bhás.

D'éag Rick Wright sa bhliain 2008 tar éis streachailt ghearr le hailse, agus é cúig is trí scór bliain d'aois.

Tagairtí[athraigh | edit source]


CEOL
Is síol ceol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.