Richard Martin Willstätter

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ceimicí orgánach a rugadh i gKarlsruhe na Gearmáine ab ea Richard Martin Willstätter (1872-1942). Rinne sé taighde ar cheimic ábhar nádúrtha, ina measc ábhair datha phlandaí is clóraifill go príomha. Bhuaigh sé Duais Nobel sa cheimic i 1915 as. Shaothraigh sé gásphúicíní rathúla i rith an chéad chogadh domhanda. D'imigh sé go dtí an Eilvéis i 1939.