Richard Griffith

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Geolaí is innealtóir sibhialta a rugadh i mBaile Átha Cliath ab ea Richard Griffith (1784-1878). Freagrach as Luacháil Griffith an tsealúchas inchánaithe ar fud na tíre (1830-1868). Rinne sé suirbhéireacht ar na láithreacha guail in Éirinn (1814-1824). Le Patrick Ganly, d'ullmhaigh sé léarscáil gheolaíoch na tire: d'fhoilsigh an chéad eagrán i 1839 agus eagráin fheabhsaithe i 1853 is 1855.