Richard Dunne
| Richard Dunne | ||
|---|---|---|
| Eolas pearsanta | ||
| Dáta breithe | 21 Meán Fómhair, 1979 | |
| Áit breithe | Tamhlacht, Baile Átha Cliath | |
| Club reatha | ||
| Club | Aston Villa | |
| Suíomh | 5 | |
| Foirne mar imreoir | ||
| 1996–2000 2000-2009 2009-inniu 2000–inniu |
Everton Manchester City Aston Villa Poblacht na hÉireann |
|
Is imreoir sacair Éireannach é Richard Patrick Dunne (Gaeilge: Risteard Pádraig Ó Doinn), a saolaíodh ar an 21 Meán Fómhair 1979 i dTamhlacht, Baile Átha Cliath. Cosantóir ard agus láidir atá ann, a imríonn le foireann náisiúnta Phoblacht na hÉireann agus le hAston Villa i bPríomhroinn Shasana. Níos túisce, chaith sé seal le Everton agus ansin le Manchester City. Bhí sé ina chaptaen ar an bhfoireann seo, agus roghnaíodh é mar Imreoir na Bliana ceithre bliana as a chéile, curiarracht nua. Bhog sé ar aghaidh, áfach, nuair a ceannaíodh cosantóirí eile, mar shampla Joleon Lescott agus Kolo Touré.
D'imir Dunne a chéad chluiche le foireann na hÉireann sa bhliain 2000 in aghaidh na Gréige. Tháinig sé isteach in áit Kenny Cunningham, a bhí gortaithe. Bhuaigh sé áit sa scuaid a chuaigh go dtí Corn an Domhain na bliana 2002, ach níor tugadh seans imeartha dó sa chomórtas.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.