Rhodri Mawr

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Léarscáil ag tabhairt le fios fairsinge na ngabhálacha a bhain an Rí Rhodri Mawr amach.

██ Gwynedd, prionsacht Rhodri Mawr

██ Comhcheangail chun Morgannwg a chruthú.

B'é Rhodri Mawr (nó Rhodri ap Merfyn) an chéad rialóir sa Bhreatain Bheag a bhain an gradam 'Mawr' ( is ionann 'Mawr' agus 'Mór' i nGaeilge na hÉireann) amach dó féin, agus an chéad a bhain forlámhas amach ar an Bhreatain Bheag, beagnach ina iomláine. Tugtar 'Rí na mBreatnach' air in Annála Uladh. Níos déanaí ar aghaidh, ghlaoigh staraithe éagsúla 'Rí na Breataine Bige' air, cé nach raibh sé riamh in ann an Bhreatain Bheag uile a smachtú agus níor thug daoine comhaimseartha leis an teideal seo dó.

Ginealach agus oidhreacht[athraigh | edit source]

Mac Mherfyn Frych, Rí Gwynedd agus Nest ferch Cadell ó ríshliocht Powys ab ea é, agus fuair sé Ríocht Gwynedd ó oidhreacht tar éis dá athair bás a fháil sa bhliain 844.

Nuair a bhásaigh a uncail, deartháir a mháthar, Cyngen ap Cadell rialtóir Powys, ar oilithreacht go dtí an Róimhe sa bhliain 855, fuair sé Powys le hoidhreacht freisin. Sa bhliain 872, tré thaisme, bádh Gwgon, rialóir Seisyllwg i ndeisceart na Breataine Bige, chuir Rhodri Ríocht Seisyll leis a fhearainn de bhua a pósadh le Angharad, deirfiúr Gwgon. Seo déanta b'é Rhodri an rialóir is mó sa Bhreatain Bheag.