René Descartes
B'fhealsamh, matamaiticeoir, agus fisiceoir Francach sa 17ú céad é René Descartes (La Haye en Touraine, An Fhrainc, 31 Márta 1596 - Stócólm, an tSualainn, 11 Feabhra 1650), a bhfuil aithne air anois mar bhunaitheoir na fealsúnachta nua-aimseartha. Rinne sé saothar suntasach sa mheicnic is an optaic freisin.
Fealsúnacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rinne Descartes cur síos ar an modh eolaíoch ina shaothar Discours de la méthode (1637). Chuaigh sé i ngleic le barúlacha Arastatail, a bhí i réim go dtí sin, rud a chuir tús leis an eolaíocht nua
Leag Descartes amach fealsúnacht chun eolas daonna a bhunú ar sceipteachas ina leabhar Meditationes de Prima Philosophia (Smaointe ar Bhunús na Fealsúnachta, 1641)[1]. Is é bunsmaoineamh a fhealsúnachta an abairt Cogito Ergo Sum (smaoiním, mar sin táim ann).
Matamaitic
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhunaigh Descartes an gheoiméadracht anailíseach, agus tá na comhordanáidí Cairtéiseacha ainmnithe as.
Cheap Descartes geoiméadracht chomhordanáideach, an chéad fhorbairt mhór sa gheoiméadracht ó Eoiclíd. Ba mhór an dul chun cinn don gheoiméadracht forbairt na geoiméadrachta anailísí ag Descartes. Mar shampla, feiniméin thríthoiseacha: luaitear Descartes mar cheapadóir an chórais seo, bíodh is gur bhain Apallóinias feidhm as aiseanna ina staidéar ar chónghearrthaí. Comhordanáidí Cairtéiseacha. Sa mhatamaitic, bealach a shaothraigh René Descartes chun ionad pointe a shainiú de réir a fhaid ó dhá líne dhíreacha fhosaithe is (de ghnáth) ingearacha, a dtugtar aiseanna na gcomhordanáidí orthu.
Descartes in Éirinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]D'aistrigh William MoIyneux Meditationes (Machnamh, 1641) mar Six Metaphysical Meditations (Sé Mhachnamh Meitifisiciúil, 1680).
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt - Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011)