Reachtas Aspalda Eoin Máire Vianney Naofa

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Aonad rialtais faoi leith thaobh istigh den Eaglais Chaitliceach is ea an Reachtas Aspalda Pearsanta Eoin Máire Vianney Naofa. Idir 1949 agus 1981, ba é Dom Antonio de Castro Meyer Easpag Champos sa Bhrasaíl. Tar éis an Dara Chomhairle Vatacáine, choimeád an Easpag de Castro Meyer an tAifreann Laidineach i bhfeidhm, cé nár chuir sé cosc ar Aifreann nua an Pápa Pól VI i bPortaingéilis. Nuair a bhí ar an tEaspag de Castro-Meyer éirí as, tháinig scoilt idir na tradisiúineóirí agus na liobráiligh i ndeoise Champos. Chuaigh an iar Easpag i gcomhaontas leis an Ardeaspag Marcel Lefebvre. Rinne an Pápa Eoin Pól II coinnealbhá ar an mbeirt acu nuair a choiscrigh siad ceathrar sagairt ina n-easpag gan cead ar 30 Meitheamh 1988.

Mhair an tEaspag de Castro-Meyer go dtí 25 Aibreán 1991 agus é ina uachtrán ar Aontas Sagartúil Naomh Eoin Vianney. Thogh na sagairt an Athair Licinio Rangel i gcomharbacht air. Choiscrigh triúir easpaig choinnealbháite an Athair Rangel in Iúil 1991. Choinnealbhadh an tEaspag Rangel comh maith ina dhiaidh.

Ar 15 Lúnasa 2001, scríobh an tEaspag Rangel don Pápa Eoin Pól ag lorg athmhuintireas. Ar Lá Nollaig na bliana sin, chuir an Pápa ceal ar an choinnealbhá i gcoinne an tEaspag Rangel. Ó 18 Eanáir 2002, rinneadh deoise pearsanta faoin Aontas Eoin Máire Vianney leis an tEaspag Rangel ina easpag pearsanta. Fuair an tEaspag Rangel bás ar 18 Nollaig 2002 agus tháinig an tEaspag Fernando Arêas Rifan i gcomharbacht air. Ba é an tEaspag Rifan an chéad sagart a choiscríodh ina Easpag de réir liotúirge traidisiúnta na hEaglaise Rómhánaigh le cead eaglasta ó tús an nua liotúirge ar aghaidh. Tá sagairt an Reachtais Pearsanta ag obair i dosaen deoisí sa Bhrasaíl.

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]