Reachtanna Chill Chainnigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

B'é a bhí i Reachtanna Chill Chainnigh ná sraith de chúig reachta tríochad, rite i gCill Chainnigh sa bhliain 1366, agus ba í an aidhm taobh thiar díobh ná srian a chur ar mheath na nGael-Normannach i dTiarnas na hÉireann. Bhí Gall-Ghaeil na hÉireann deighilte ina dhá ndream, 'tiarnaí na dteorann', nó na Sasanaigh mheata', agus an dream dílis a bhí fós sna bailte agus sna 'Contaetha Umhla'. Den dream dílis sin rinne Fear Ionad an Rí, Lionel, (an dara mac an Rí Éadbhard III) taca, agus b'é a sprid siúd, sprid ainGhaelach, a tháinig in uachtair i bparlaimint Chill Chainnigh a ghairm Lionel chuige an 18ú lá de Mhí Feabhra 1366.[1]

Bhí an móramh ag lucht na Páile agus b'e an dream sin afé ndear spiorad ghallda na reachtanna.

Seo mar a bhí an réamhraiteas a bhí leis na cúig reachtanna tríochad;

Leagan bunaidh

"Come a la conquest de la terre Dirland et long temps apres les Englois de la dit terre userent la lang morture et vesture Engleis & furent governez & reulez et lour subjits appellez Betaghes par la lei Engleis en quel temps Dieu et St. Esglise et lour franchises solonc lour condicions tenuz en subjection et ore plusors Engleis de la dit terre guepissant la lang gis monture leys & usages Engleis vivent et se governement as maniers guise et lang des Irrois enemies et auxiant ount fait divers.[2]

Aistriúcháin

"De bhrí, le linn gabhála na hÉireann, agus go ceann i bhfad ina dhiaidh, gur bhéas ag Sasanaigh na tíre sin teanga, nós marcaíochta, is éide na Sasanach a chleachtadh. agus iad féin is a gcuid urraí, ar a dtugtaí 'biataigh', á rialú de réir dlí Shasana - anois tá a lán de Shasanaigh na tíre sin ag séanadh teanga, béasa, nós marcaíochta, dlíthe, is nós Shasana, agus á rialú féin de réir béas, nós is teanga an namhad Éireannaigh, agus fós, bíonn a lán cleamhnas is comhcheangal idir iad is an namhaid Éireannaigh, ionas go bhfuil teanga Shasana, an umhlaíocht is dual don Rí-Thiarna, agus dlíthe Shasana, imithe i ndearmad i bhfaillí ar ár bhfo-mhuintir sa tír sin, agus onóir is gradam nach cuí ná críonna á thabhairt dár naimhde Éireannaigh."

Tagairtí[athraigh | edit source]

  1. Tracts Relating to Ireland, Irish Arch. Soc. Hardiman
  2. "http://celt.ucc.ie/published/F300001-001/index.html

Naisc Sheachtracha[athraigh | edit source]


Vicipéid
Is féidir an t-alt seo a fheabhsú tríd é a fhorbairt.
D'fhéadfaí go bhfuil a thuilleadh faoi seo ar an leathanach plé.