Reachrainn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachReachrainn
Íomhá
CineálOileán Cuir in eagar ar Wikidata
Logainm.ie16810 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinContae Bhaile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 53°29′26″N 6°00′54″W / 53.4906°N 6.015°W / 53.4906; -6.015
Suite i nó in aice le limistéar uisceMuir Éireann Cuir in eagar ar Wikidata
Tréithe
Achar2.41 km² Cuir in eagar ar Wikidata
An t-oiléan ón aer

Is oileán ar chósta na hÉireann é Reachrainn.[1] Tá sé suite ceithre chiliméadar amach ó chósta Átha Cliath, i Muir Éireann. Is é an t-aon oileán amháin ar an gcósta thoir le daoine ina gcónaí air é. Murab ionann is na hoileáin ar chósta thiar na hÉireann, tá oidhreacht Lochlannach ar Reachrainn. Tháinig Lochlannaigh ón Danmhairg san ochtú haois agus chuir siad fúthu ar an oileán. Bhí Reachrainn faoi na Danair ar feadh trí chéad bliain, idir an t-ochtú agus an dara haois déag. Is leis an teaghlach Barings é ó 1904.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Luathré na Meánaoise[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’fhéadfadh sé gurb é Reachrainn an chéad áit in Éirinn a ndearna na hUigingigh ionsaí air. Scríobhtar in Annála Uladh don bhliain 795:

Loscadh Rechrainne o geinntib & Sci do choscradh & do lomradh.[2]

Áfach, níl sé soiléir an é Reachrainn nó Reachraidh i gContae Aontrama atá i gceist san fhoinse seo.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Reachrainn/Lambay Island | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
  2. "The Annals of Ulster". celt.ucc.ie. Dáta rochtana: 2023-08-02.