Raymond Arthur Dart

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaRaymond Arthur Dart

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith4 Feabhra 1893
Toowong, Queensland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás22 Samhain 1988
95 bliana d'aois
Johannesburg, An Afraic Theas Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síUniversity College London
Ollscoil Sydney
Ollscoil Queensland Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúilDoctor of Sciences in Medicine (en) Aistrigh
Gníomhaíocht
Réimse oibreAntraipeolaíocht
Gairmantraipeolaí, múinteoir ollscoile, anatamaí, pailé-antraipeolaí, seandálaí, réamhstaraí, pailé-ointeolaí Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Witwatersrand Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla

Anatamaí agus pailé-antraipeolaí a rugadh i mBrisbane na hAstráile ab ea Raymond Arthur Dart (4 Feabhra 189322 Samhain 1988). Sa bhliain 1924 agus i ndiaidh dó post ag Ollscoil an Witwatersrand san Afraic Theas a ghlacadh, fuair sé dhá bhosca lán de chnámha, bhlaoscanna agus eile ó úinéir cairéal aolchloiche in Taung, i gCúige an Iarthuaiscirt na tíre úd. D'aithin sé iontaise Australopithecus africanus, ar glacadh léi mar fhianaise le teoiric Darwin gurbh í an Afraic cliabhán an chine dhaonna. Blaosc duine óig a bhí ann agus baisteadh "Páiste Taung" air. Fuair Dart bás in aois a 95 bliana in Johannesburg.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Raymond Arthur Dart". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 199.