Raoul Dufy

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ealaíontóir is dearthóir a rugadh i Le Havre na Fraince ab ea Raoul Dufy (1877-1953). Tháirg sé an-chuid dearthaí fabraice, léirithe greanta leabhar agus, ó 1919 ar aghaidh, sraith sceitsí breátha peannaireachta de radhairc mhara, geallta bád is radhairc ráschúrsaí.