Ramhdhraighean mara

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tom duillsilteach spíonach a chuireann meatháin. Fásann sé 3 m ar airde. Dúchasach do chóstaí na hEorpa is na hÁise den chuid is mó. Na duilleoga suas le 8 cm ar fhad, caol clúdaithe le mionlanna airgeadacha. Na bláthanna bídeach glas, ag teacht amach roimh na duilleoga. Na fireannaigh is na baineannaigh ar phlandaí scoite. Na caora geal flannbhuí. Uaireanta plandaítear é chun dumhcha a dhaingniú.