Raithneach chraobhach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Dhá chlann raithní ina ndéanann an ríosóm adhmadach gas atá cosúil le stoc crainn, a fhásann 25 m ar airde. Bíonn an gas seo clúdaithe le coilm de bhunanna seanfhronn, agus déanann na froinn reatha fleasc ar barr. Dúchasach do na trópaicí is fothrópaicí, agus sainiúil i réigiúin ar leith. Mar chrann caol, beagán cosúil le crann pailme, is coitianta í mar mhaisiúchán.