Raidió sondála

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Dhá raidió sondála nua-aimseartha

Pacáiste ionstraimí a chuirtear suas le balún aimsire chun brú, teocht is taise a thomhas de réir mar a éiríonn an balún chuig airde timpeall 20 km. Úsáidtear na luachanna tomhaiste brú chun an airde a dhéanamh amach. Tarchuirtear na tomhais ar ais do stáisiúin glactha ar talamh le comharthaí raidió, agus faightear na hionstraimí ar ais tar éis tuirlingt don bhalún le paraisiút. Tá raidió sondála beagáinín níos casta ann chun breis tomhas a dhéanamh, luas na gaoithe is a treo, go príomha. Sa chás seo iompraíonn an balún targaide radair ionas gur féidir a chúrsa a mhapáil.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Raidió sondála". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 547.