Radio Maryja

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaRadio Maryja
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálstáisiún raidió Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1991

Suíomh gréasáinradiomaryja.pl Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: RadioMaryja Twitter: RadioMaryja Instagram: radiomaryja_official Cuir in eagar ar Wikidata

Stáisiún raidió sa Pholainn is ea Radio Maryja a bhfuil blas an choimeádachais Chaitlicigh agus an náisiúnachais Pholannaigh ar a chuid cláracha.

Eagraíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Stáisiún príobháideach é agus é bunaithe ag Ord an tSlánaitheora Rónaofa (na Slánaitheoirigh) sa bhliain 1991. Tá an stáisiún suite i dToruń i dTuaisceart na Polainne. Is é an tAthair Tadeusz Rydzyk ceannasaí an stáisiúin.

Tadeusz Rydzyk

I Mí na Bealtaine sa bhliain 2006, cheap comhairle na n-easpag Polannach coiste ar leith le súil a choinneáil ar chláracha Radio Maryja, agus an t-athair Wacław Depo, ollamh agus príomhoide scoil traenála na sagart i Radom i gceannas ar an gcoiste.

Cláracha creidimh is ea formhór mór na gcláracha. Thairis sin, athchraoltar nuacht na Vatacáine.

Conspóidí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is í an tráchtaireacht ar na cúrsaí reatha is mó a tharraingíonn conspóid, sa Pholainn agus i gcéin.

Tá an stáisiún go tréan in aghaidh an Aontais Eorpaigh, agus é ag lochtú saoirse an ghinmhillte agus an homaighnéasachais in Iarthar na hEorpa. Thairis sin, is iad an domhandas agus an eacnamaíocht liobrálach na naimhde is mó atá ag an stáisiún.

2018ː oilithreacht agus agóid, ag lochtú saoirse an ghinmhillte agus an homaighnéasachais

Is ionann dearcadh sóisialta agus polaitiúil an stáisiúin raidió agus an cineál dearcadh a bhí ag an bEndecja (Páirtí Daonlathach Náisiúnta) sa Pholainn roimh an Dara Cogadh Domhanda, an páirtí a raibh Roman Dmowski i gceannas air. Is é sin, cé go bhfuil an stáisiún go mór mór i gcoinne aon chineál liobrálachais i gcúrsaí an ghnáthshaoil, an chreidimh agus na nósanna, bíonn sé ag lochtú féinspéis agus míthrócaire na rachmasóirí is an chaipitleachais agus ag caitheamh amhrais sna leasuithe polaitiúla a rinneadh sa tír i ndiaidh thitim an Chumannachais, an príobháidiú ach go háirithe.

2018ː oilithreacht agus agóid

Is é an locht is mó a fuarthas ar Radio Maryja go bhfuil blas an fhrith-Ghiúdachais le haithint ar chuid mhór den tráchtaireacht ar chúrsaí reatha. I mbreis air sin, thacaigh an stáisiún go hoscailte leis an bpáirtí "Prawo i Sprawiedliwość" le linn olltoghchán na bliana 2005. Thuill a leithéid cáineadh don raidió ó thráchtairí Caitliceacha féin, ó bhí siad den tuairim nach raibh sé inghlactha go ndéanfadh raidió Caitliceach bolscaireachttoghchánaíocht ar mhaith le haon pháirtí ar leith.

Maidir le Lech agus Jarosław Kaczyński, Uachtarán agus Príomh-Aire na Polainne, agus iad ag seasamh don pháirtí "Prawo i Sprawiedliwość", chosain siad i Mí Aibreáin sa bhliain 2006 an stáisiún go tréan ar an gcáineadh, agus iad den bharúil go bhfuil cead cainte ag cách, ag Radio Maryja fiú, i dtír shaor.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]