Radharcmheastóireacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Measúnú fheidhmiú na súl, go príomha maidir le hearráidí athraonta, agus soláthar lionsaí cuí ceartaithe, spéaclaí is lionsaí tadhaill. Déantar scrúdú ar leith ar an tsúil le hoftalmascóp chun raon leathan éalang a bhrath, ina measc neamhoird i raon an radhairc, sa lionsa, sa lionn uisciúil, is ar an reitine. Déantar measúnú ar an mbrú insúilí chun glácóma a bhrath. Déanann radharcmheastóir cáilithe cláraithe na measúnuithe seo.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Radharcmheastóireacht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 546.