Radharc imrothlach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

San ealaín, radharc tíre atá rómhór le feiceáil ina iomláine ag an am céanna ach ar féidir a oscailt de réir a chéile don fhéachadóir nó a léiriú mórthimpeall an tseomra, a fhéadfaidh a bheith ciorclach. Sa Hág tá radharc imrothlach de chathair Scheveningen le Hendrik Willem Mesdag (1831-1915) ar cheann de phríomhtharraingtí na cathrach do chuairteoirí.