Rada-imdhíonmheasúnú

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Bealach chun méid is éifeacht antashubstaintí a mheas i sreabhán sa cholainn. Déantar ábhar a lipéadú le radaiseatóp, agus instealltar méid ar leith de sa sreabhán atá le tástáil (mar shampla, sa bhfuil), áit a meascann sé is a ngreamaíonn na hantashubstaintí leis. Tomhaistear radaighníomhaíocht sampla bhig den sreabhán ansin, agus uaidh sin is féidir méid iomlán na hantashubstainte a ríomh.