Rubaidiam

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Rúbaidiam)
Rubaidiam
Siombail Cheimiceach Rb
Uimhir Adamhach 37
Meáchan Adamhach 85.4678(3)  g·mol
Grúpa, Peiriad 1, 5, s
Dlús 1.532  g·cm−3
Sraith Cheimiceach Miotail alcaileacha
Rb-TableImage.png

Is é an rubaidiam dúil uimhir a 37, agus é ar ceann de na miotail alcaileacha. Is í an tsiombail cheimiceach atá aige ná Rb. Is í an chumraíocht leictreonach atá aige ná 1s22s22p63s23p63p104s24p65s1, agus mar sin, tá s-leictreon aonair ar an sceall is faide amuigh aige, mar is dual do na miotail alcaileacha. Cosúil leis an sóidiam agus leis an bpotaisiam, imoibríonn an rubaidiam go millteanach leis an uisce le hiodrocsaíd a dhéanamh:

2 Rb + 2 H2O -> 2 RbOH + H2

Imoibríonn an rubaidiam le hocsaigin an aeir chomh maith, agus uaireanta, loisceann sé as a stuaim féin. Mar sin, is gá gach smután rubaidiam a chosaint go dian ar an aer agus ar an uisce.

Tá dhá iseatóp ag an rubaidiam nádúrtha, is é sin, 85Rb (72.2 % den rubaidiam nádúrtha) agus 87Rb. Tá an dara ceann acu radaighníomhach, ach tá leathré an-fhada aige (48.8 x 1010 bliain, is é sin, 48.8 billiún bliain). Mar sin féin, fágfaidh an rubaidiam nádúrtha lorg an nochta ar ghnáthscannán grianghrafadóireachta má choinnítear an dá chuid i gcóngar dá chéile ar feadh míosa nó cupla mí.

Úsáidtear rubaidiam sna fótaichealla, sna cloig adamhacha, i gcineálacha speisialta gloine agus sna maighnéadaiméadair. Rud soiléir is ea é go bhfuil an rubaidiam an-dainséarach do dhuine i bhfoirm an mhiotail, nó imoibríonn sé leis an uisce i sreabha na colainne. Ní bhíonn na hiain Rb+ ródhíobhálach, áfach. Go bunúsach, caitheann orgánach an duine leo mar a bheadh iain photaisiam iontu, ionas go mbailítear i sreabh leictrilíteach na colainne iad. De réir a chéile, fágann siad an cholainn, agus iad ag imeacht leis an bhfual agus leis an allas. Le nimhiú rubaidiam a tholgadh, caithfidh an duine farasbarr réasúnta mór d'iain rubaidiam a shlogadh síos.

B'iad Robert Bunsen - an fear céanna a bhfuil dóire Bunsen ainmnithe as - agus Gustav Kirchhoff a chuir an chéad sonrú sa rubaidiam, mar dhúil ar leith, thiar sa bhliain 1861. Chuir siad sampla leipidilíte (míoca litia) trí thine, agus d'aithin siad líne dhearg ar an speictream a sheas don rubaidiam. As an dath sin a d'ainmnigh siad an dúil, nó is é is brí le rubidus sa Laidin ná dúdhearg.

Cé nach mbíonn ainm an rubaidiam i mbéal an tsaoil mhóir, tá sé le fáil réasúnta flúirseach sa dúlra - níos flúirsí ná copar, agus chomh flúirseach céanna leis an tsinc. Is í an leipidilít an mianra is mó a úsáidtear mar fhoinse rubaidiam, ach bíonn cuid mhaith rubaidiam measctha tríd an bpotaisiam ina lán mianraí eile.