Caor chon

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Rós Ollannach)
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoCaor chon
Viburnum opulus Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Planda
Cineál an toraidhdrúp Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdDipsacales
FineViburnaceae
GéineasViburnum
SpeiceasViburnum opulus Cuir in eagar ar Wikidata
L., 1753

Tom duillsilteach nó crann beag leata a fhásann 4 m ar airde is ea an chaor chon[1], nó an rós Ollannach[2] (Viburnum opulus). Tá sé dúchasach don Eoraip is iarthar na hÁise. 3-5 mhaothán neamhrialta fiaclach ar na duilleoga. Na bláthanna cúigpheitealach bán, i mbraisle 4-10 cm ar leithead, na bláthanna seachtracha seasc, i bhfad níos mó ná na bláthanna inmheánacha. Na torthaí cosúil le caora, dearg, go minic ar an gcrann fós tar éis do na duilleoga titim. Fuarthas foirm shóite de le bláthanna seasca amháin is iad i gcrobhaingí cruinneogacha den chéad uair i gcúige Gueldeland na hOllainne sa 14ú céad. Fástar go forleathan é mar mhaisiúchán, mar an gcrann liathróid sneachta.[3]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “Viburnum opulus” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
  2. "English-Irish Dictionary (de Bhaldraithe) — "snowball"".
  3. Hussey, Matt (2011). "Rós Ollannach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 567.