Róise Ní Bhaoill

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaRóise Ní Bhaoill

Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Is scríbhneoir agus gníomhaí ar son na Gaeilge í Róise Ní Bhaoill.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Ni Bhaoill i nGaeltacht Chontae Dhún na nGall. Mac léinn ba ea í i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, agus ina dhiaidh sin bhain sí MA sa bhainistíocht chultúrtha amach in Ollscoil Uladh.

Eagraíochtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thosaigh sí ag obair le hIontaobhas ULTACH sa bhliain 1990 agus is í an Leas-Stiúrthóir í anois. Ball boird de chuid Dhaonmusaem Uladh agus Choimisiún Raidió na Gaeltachta ba ea í. Ball boird de Ghrúpa Oibre Chultúir agus Féiniúlachta a bhunaigh Choimisiún Cearta Daonna Thuaisceart Éireann, agus de dhá choiste de chuid Chomhairle Caidrimh Pobail Thuaisceart Éireann ba ea í freisin. Ba rúnaí í ar Choiste Thuaisceart Éireann agus ar Choiste na Ríochta Aontaithe den Bhiúró Eorpach do Theangacha Neamhfhorleathana. Ba bhall boird de chuid Cholm Cille í freisin.

Ball boird d'Iontaobhas na Gaelscolaíochta agus den Chiste Craoltóireachta Gaeilge is ea í. Ba bhall í de Choiste Fhorbartha Pholasaí an Chomhairle Chaidrimh Phobail agus de Phainéal Comhairleach de chuid Chomhairle Ealaíona Thuaisceart Éireann.

Saothair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Ní Bhaoill mar chomheagarthóir ar Gaelic-Medium Education Provision: Northern Ireland, The Republic of Ireland, Scotland and the Isle of Man (2003) agus scríobh sí The Irish Language in Education in Northern Ireland (2004). Scríobhann sí féin agus Gordon McCoy “Taisce Focal”, alt d'fhoghlaimeoirí ar an iris líonláithreáin Beo!. Sa tsraith seo, cuireann siad focail agus cora cainte i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach bhfuil ar eolas ag go leor de lucht foghlamtha na teanga. Scríobhann siad faoi théama faoi leith gach mí.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]