Róisín Elsafty

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaRóisín Elsafty
Gníomhaíocht
Gairmamhránaí Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1996 –
SeánraCeol tíre traidisiúnta
TeangachaBéarla agus an Ghaeilge
UirlisCeol gutha

Suíomh gréasáinroisinelsafty.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm1995125 Musicbrainz: f16e18f6-e704-4d4d-aa7f-e4702bbf276c Songkick: 691096 Discogs: 2726429 Cuir in eagar ar Wikidata

Tá aithne ar Róisín Elsafty mar amhránaí ar an sean-nós.

Beathaisnéis[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is de shliocht Gael-Éigipteach í Róisín Elsafty, ó Chontae na Gaillimhe. Is iníon í le Treasa Ní Cheannabháin agus le Saber Elsafty, dochtúir Éigipteach. Is deirfiúr le Naisrín Elsafty í. Teaghlach ilchultúrtha agus dáchreidmheach a bhí ann agus dhéantaí idir Nollaig agus Eid ul-Fitr (deireadh Ramadan) a cheiliúradh. Bhuail na tuismitheoirí le chéile agus iad ag obair sa Danmhairg agus phós i bparóiste Chill Chiaráin.[1] Chuaigh an chlann ar scoil sa cheantar agus idir Ghaeilge agus Bhéarla ar a dtoil acu. Tá an ceol ó dhúchas aici, agus is minic cloiste ag féilte agus i gcuideachta í. Rinneadh roinnt clár a raibh sé d'aidhm acu (ar TG4 agus ar Raidió na Gaeltachta) agus í ag casadh amhrán ar an Sean-nós.[2]

Tá baint ag Róisín agus a muintir leis an Meán-Oirthear i gcónaí. Is feachtasóir ar son cearta daonna lena cuid ceoil í.[3]

Dioscliosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Má Bhíonn Tú Liom, Bí Liom (2007, VERTCD080)
  • Irlande: L’art du Sean-Nós, Róisín Elsafty & Treasa Ní Cheannabháin (Buda Musique 92711-2)

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]