Róisín Dubh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Amhrán ón 16ú haois is ea Róisín Dubh ina ndéantar ionnanú idir Éire agus leannán an fhile.

Liricí[athraigh | edit source]

A Róisín ná bíodh brón ort fé'r éirigh dhuit:
Tá na bráithre 'teacht thar sáile 's iad ag triall ar muir,
Tiocfaidh do phardún ón bPápa is ón Róimh anoir
'S ní spárálfar fíon Spáinneach ar mo Róisín Dubh.
Is fada an réim a léig mé léi ó inné 'dtí inniu,
Trasna sléibhte go ndeachas léi, fé sheolta ar muir;
An Éirne is chaith mé 'léim í, cé gur mór é an sruth;
'S bhí ceol téad ar gach taobh díom is mo Róisín Dubh.
Mhairbh tú mé, a bhrídeach, is nárbh fhearrde dhuit,
Is go bhfuil m'anam istigh i ngean ort 's ní inné ná inniu;
D'fhág tú lag anbhfann mé i ngné is i gcruth-
Ná feall orm is mé i ngean ort, a Róisín Dubh.
Shiubhalfainn féin an drúcht leat is fásaigh ghuirt,
Mar shúil go bhfaighinn rún uait nó páirt dem thoil.
A chraoibhín chumhra, gheallais domhsa go raibh grá agat dom
-'S gurab í fíor-scoth na Mumhan í, mo Róisín Dubh.
Dá mbeadh seisreach agam threabhfainn in aghaidh na gcnoc,
is dhéanfainn soiscéal i lár an aifrinn do mo Róisín Dubh,
bhéarfainn póg don chailín óg a bhéarfadh a hóighe dhom,
is dhéanfainn cleas ar chúl an leasa le mo Róisín Dubh.
Beidh an Éirne 'na tuiltibh tréana is réabfar cnoic,
Beidh an fharraige 'na tonntaibh dearga is doirtfear fuil,
Beidh gach gleann sléibhe ar fud éireann is móinte ar crith,
Lá éigin sul a n-éagfaidh mo Róisín Dubh.