Rínathair

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

I bhfinscéalta na hEorpa, is reiptíl miotaseolaíoch é an Rínathair nó an Baisileasc. Ba "Rí na Naithreacha" é, agus dúradh go raibh sé ábalta fear fásta a mharú ach amharc air. Tagann na téarma ghaeilge ó βασιλίσκος Basilískos na Gréigise, a chialaíonn "rí bheag". Is aistriú litriúil ón ghréigis é Baisileasc, ach tá an brì céanna aige le rínathair.

Bhí an creideamh sa Rínathair comónta i measc gnáthdhaoine sa tSean-Ghréig agus sa tSean-Róimh, agus tá an ollphéist luaite cúpla uair sa Bhíobla (m.sh. Íseáias 59:5). Tá ról tábhachtach ag an mbaisileasc sa tsraith úrscéalta Harry Potter, scríofa ag J. K. Rowling, ach go háirithe ina dara leabhar, Harry Potter agus an Seomra Diamhair (Harry Potter and the Chamber of Secrets as Béarla). Inti, léirítear an rínathair mar nathair ollmhór a mharaíonn daoine trí breathnú orthu go díreach, ach a chlochraíonn iad má fhéachtar uirthi trí mheán eile (m.sh. scáthán, uisce nó trí chorp taibhse).