Ríl (spól)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Sa bhfótagrafaíocht, spól feireach ar féidir faid mhóra scannáin nó téipe a chasadh air, nó an rolla scannáin (pictiúr reatha) a choinníonn suas le 100 m ar fad, dóthain chun roinn chaothúil den chlár a chuimsiú i gcomhair eagarthóireachta is priontála. Bheadh 5 nó 6 ríl i ngnáthscannán (500-600 m).