Réalteolaíocht radair

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Úsáid bíoga tonn raidió chun faid réada sa Ghrianchóras a thomhas is a ndromchlaí a mhapáil, ar mhodh díreach cosúil le radar. Rinneadh a leithéid go rathúil ar Véineas is cuid mhaith astaróideach, agus chun trastomhais núicléis cóiméad a dhéanamh amach.