Rásaí con

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Rásaíocht chon

Is é an cú rása an mianach gadhair is tapúla, agus is sine ó thaobh sinsearachta de. Gadhar seang láidir atá in ann 70km san uair a bhaint amach. Thart ar 30kg meáchain a bhíonn ann, agus 66cm airde sna guaillí. Smut caol a bhíonn air, muineál fada, ucht téagartha, agus bíonn a chosa deiridh fada agus láidir. Bíonn eireaball fada tanaí air, agus fionnadh gearr mín. Is iomaí dath a bhíonn air. Is fada an cú rása á choinneáil ag na huaisle mar chú seilge. Tá a chosúlacht greanta ar thuamaí san Éigipt (3,000 RC). Ba in éadan giorriacha is mó a d’úsáidtí é, agus ba sa 19ú haois a tosaíodh ar a úsáid i rásaí.

Rásaí na gCon[athraigh | edit source]

Rásaí ina gcuirtear cúnna in iomaíocht le chéile. Leanann na cúnna giorriacoinín bréige timpeall ar chúrsa rásaíochta. Is é an chéad chú thar an líne dheiridh a bhuann.

Stair[athraigh | edit source]

Rinneadh an chéad iarracht ar rásaíocht cúnna ar chúrsa díreach i Hendon sa bhliain 1876 ach níor éirigh ró-mhaith leis. Owen Patrick Smith a rinne an chéad ghiorria mheicniúil sa bhliain 1912, agus is as sin a d'eascair rásaíocht cúnna ar chúrsaí ciorclacha i Stáit Aontaithe Mheiriceá sna fichidí. Tugadh an spórt go Sasana i lár na bhfichidí, agus d'éirigh thar cionn leis an spórt i mbailte agus i gcathracha ann. Chuir fir oibre an-spéis ann mar gur fheil amanna na rásaí tráthnóna go mór dóibh. Cuid lárnach den rásaíocht a bhí sa gheallghlacadóireacht. Mhéadaigh ar an tóir a bhí ar an spórt tar éis an dara cogadh domhanda. Sa bhliain 1946 bhí lucht féachana de thríocha ceathair milliún duine ag an spórt. Ó na seascaidí ar aghaidh laghdaigh an tinreamh ag na rásaí mar gur ceadaíodh geallta a ghlacadh taobh amuigh den chúrsa. Sa lá atá inniu ann tá daoine ag cur spéise in athuair sa rásaíocht cúnna mar spórt agus mar dheis cearrbhachais. Is in Éirinn, i Sasana, san Astráil agus i Meiriceá is mó a chleachtaítear an spórt san am i láthair.

An Cú Rása in Éirinn[athraigh | edit source]

Is fada cúnna in Éirinn. Tá tagairtí do chúnna seilge sa tseanlitríocht, agus cur síos orthu ag na taoisigh sa 17ú haois. Nuair a tháinig an rásaíocht chun cinn i Sasana bhí cúnna as Éirinn go mór i gceist. Ba é Master McGrath an cú ba cháiliúla díobh sin. B’as Dún Garbhán i gContae Phort Láirge do Mhaster McGrath, a bhuaigh an Waterloo Cup in 1868 agus 1869. Tá dealbh á chomóradh san áit ar tógadh é, cúpla míle taobh amuigh den bhaile.

Rásaí Con in Éirinn[athraigh | edit source]

In Éirinn tá Bord na gCon (an seanghineadach ar Bhord na gCúnna) freagrach as smachtú agus forbairt ‘Rásaí na gCon’, agus as tionscail na gcúnna. Cuireadh an Bord ar bun sa bhliain 1958 agus tugadh cumhachtaí leathana dó chun rialú a dhéanamh ar gach gné den spórt. Cuireann an Bord airgead breise leis an duaischiste ag gach leibhéal den rásaíocht. Cuireann siad iasachtaí agus deontais ar fáil do lucht riartha na gcúrsaí rásaíochta le hiad a fheabhsú. Déanann siad fógraíocht ar an spórt ar leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta. San am i láthair tá ceadúnais tugtha do 17 ráschúrsa sa tír. Is leis an mBord naoi gcinn díobh siúd, agus is le úinéirí príobháideacha na cinn eile. Tá trí ráschúrsa eile i dTuaisceart Éireann. Níl ach rásai Con amháin in Iarthar na hÉireann,i nGaillimh.Bíonn sé ar oscailt trí oíche in aghaigh na seachtaine.

Naisc Sheachtracha[athraigh | edit source]