Q-fhiabhras

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ionfhabhtú a gcuireann miocrorgánach ar leith tús leis. Tá an miocrorgánach seo forleathan sa nádúr, ag inmhíolú caorach is eallaigh go háirithe. Tolgann daoine faoin tuath é trí thadhall díreach le hainmhithe ionfhabhtaithe nó ionanálú deannaigh in áitreabh truaillithe. Bíonn an galar cosúil le fliú, ach is féidir go dtarlóidh aimhréidh, niúmóineionchairdíteas (ionfhabhtú líneáil an chroí is comhlaí an chroí). Is féidir é a chóireáil leis an bhfrithbheathach teitriciglín.